Skip to main content

Do ghuth a usáid

13

– 17

years

old

Cad a chiallaíonn sé seo?

Tá sé de cheart agat do thuairimí a chur in iúl agus do thuairimí a chur san áireamh agus cinntí á ndéanamh a théann i bhfeidhm ort.

Ní chiallaíonn sé seo go gcaithfidh daoine fásta cibé rud a deir tú leo a dhéanamh! Caithfidh daoine fásta smaoineamh freisin ar a bhfuil is fearr duit féin..  

A oiread agus is féidir, ba chóir do dhaoine fásta do thuairimí a iarraidh agus iad a chur san áireamh agus cinntí á ndéanamh acu a théann i bhfeidhm ort. Áirítear leis seo tuismitheoirí, múinteoirí, oibrithe óige agus daoine a bhfuil cumhacht acu, amhail an rialtas nó údaráis áitiúla. 

Scéal Jessica

Bhí comhairle an chontae ag tógáil ionad óige nua do dhéagóirí i mo cheantar áitiúil agus thug siad na daoine óga go léir i mo eastát le chéile chun comhrá a dhéanamh faoi cén chuma a d’fhéadfadh a bheith air. Bhíomar ag iarraidh go mbeadh sé geal, ildaite, le spásanna le scíth a ligean agus fiú meaisín caife! Bhí sé go hiontach ár bhfís a fheiceáil ag teacht chun beatha.

Conas a chosnaítear an ceart sin in Éirinn?

Tá an ceart chun a bheith cloiste faoi chosaint dhlí na hÉireann, ach i gcásanna áirithe amháin:

Cé nach bhfuil gach cás faoi chosaint an dlí, agus nach féidir leat vótáil má tá tú faoi bhun 18 mbliana d’aois, ba cheart go mbeadh deiseanna ag leanaí in Éirinn fós páirt a ghlacadh i gcinntí a théann i bhfeidhm orthu, mar gheall gur gheall muid go ndéanfaimis cloí leis an CNACL. 
D’fhoilsigh an Rialtas an Plean Gníomhaíochta m Rannpháirtíocht Leanaí agus Daoine Óga i gCinnteoireacht in 2024, chun a chinntiú go bhfuil guth ag leanaí ina bpobail, san oiechas, sa chúram sláinte, sna cúirteanna, sa rialtas agus sa chóras dlí. 
Is féidir le daoine óga a dtuairimí a roinnt faoi ábhair a bhfuil tábhacht leo trí ghrúpaí ar nós Comhairle na nÓg; Dáil na nÓg, Aontas na Mac Léinn Dara Leibhéal in Éirinn (ISSU) agus Tionól Náisiúnta na nÓg.
Painéil Chomhairleacha on Óige (PAÓ) ag go leor eagraíochtaí. Tá ceann againn anseo san Oifig an Ombudsman do Leanaí; d’inis ár PAÓ dúinn faoi na rudaí atá tábhachtach dudaí atá tábhachtach dóibh i dtéarmaí ár gcuid oibre agus cearta leanaí. 

An bhfuil an ceart sin ag gach leanbh in Éirinn? 

Tá Éire ag déanamh go leor chun a chinntiú go bhfuil cead cainte ag gach leanbh in Éirinn, ach mothaíonn roinnt leanaí fós nach bhfuil a nglór á chloisteáil nó nach bhfuil éisteacht leo i ndáiríre. Ar an drochuair, tarlaíonn sé seo i suíomhanna ina bhfuil leanaí an-leochaileach, amhail cúram, CAMHS, agus an córas cosanta idirnáisiúnta.  
Tá sé deacair gach leanbh in Éirinn a áireamh, go háirithe leanaí a labhraíonn teangacha éagsúla nó a dhéanann cumarsáid ar bhealaí éagsúla, atá faoi mhíchumas, nó atá an-óg – ach ní chiallaíonn sin nach gceart dúinn iarracht a dhéanamh!

Déan díospóireacht faoi! 

Níor cheart go mbeadh cead cainte ag leanaí díreach ar mhaithe leis féin. Ba chóir go mbeadh sé bríoch.

Conas a chinnteoimid go dtarlaíonn sé seo? Bhuel, ba chóir do dhaoine fásta cabhrú le gach leanbh a nglór a chur in iúl, ón tús. Ciallaíonn sé seo labhairt le páistí ar bhealaí éagsúla agus i spás sábháilte a oireann dóibh. Caithfidh daoine fásta a chinntiú go n-éisteann siad i gceart le páistí agus go gcuireann siad a dtuairimí san áireamh i ndáiríre. Ba chóir go mbeadh a fhios ag páistí cé atá ag éisteacht leo agus cad is féidir leo a dhéanamh do pháistí. Mura féidir leo gníomhú ar thuairim an pháiste, ba chóir dóibh a chur in iúl don pháiste cén fáth. 

An gceapann tú go bhfuil brí le rannpháirtíocht na hóige in Éirinn? 

Find out what you can do when you’re not getting your rights.

Rights

that help you get all your rights

Ag déanamh an rud is fearr do leanaí

Do ghuth a usáid

Gach duine difriúil, Gach duine comhionann

Find out

about your rights!

7-12 years old

13-17 years old