You are here:
Ag déanamh an rud is fearr do leanaí
13
– 17
years
old
Cad a chiallaíonn sé seo?
Nuair a dhéanann daoine fásta cinntí fút, caithfidh siad smaoineamh go láidir faoin rud is fearr duit.
Mar a deirtear san Airteagal 3 de CNACL.
Ba chóir do gach duine fásta i do shaol agus ar fud an domhain an rud is fearr duit a dhéanamh. Nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh acu faoi shaol laethúil leanaí, dlíthe á gceapadh acu d’fhonn leanaí a chosaint, nó nuair a bhíonn siad ag obair i ról ina dtugann siad aire do leanaí, ba chóir dóibh a bheith inniúil ar a gcuid oibre agus machnamh a dhéanamh ar na bealaí ar féidir leo saol na leanaí a fheabhsú.
Conas a chosnaítear an ceart sin in Éirinn?
An bhfuil an ceart sin ag gach leanbh in Éirinn?
Ní bhíonn leas gach linbh in Éirinn á chosaint i gcónaí. Agus tú ag léamh trí na cearta, tiocfaidh tú trasna ar shamplaí nach bhfuil cearta leanaí á gcosaint, rud nach bhfuil chun a leasa.

Scéal Gracie
Haigh, is mise Gracie agus anuraidh, b’éigean dom mo theach a fhágáil agus bogadh isteach le teaghlach altrama. Bhí sé an-deacair maireachtáil ar shiúl ó mo Mham ach tá a fhios agam gurbh é an cinneadh ceart é ar mhaithe liomsa, faoi láthair. Ní raibh sé an-sábháilte san áit a raibh cónaí orm roimhe seo. Faighim deis fós Mam a fheiceáil agus tá tacaíocht á fáil aici anois chun cabhrú léi mothú níos fearr.”
Find out what you can do when you’re not getting your rights.

Rights
that help you get all your rights
Ag déanamh an rud is fearr do leanaí
Do ghuth a usáid
Gach duine difriúil, Gach duine comhionann
Find out
about your rights!
7-12 years old
13-17 years old