Skip to main content

You are here:  

Teanga, cultúr agus reiligiún

13

– 17

years

old

Cad a chiallaíonn sé seo?

*Tá sé de cheart agat do chultúr, do theanga agus do reiligiún féin a chleachtadh, nó aon cheann a roghnaíonn tú, de réir Airteagal 30 de CNACL.

Ciallaíonn sé seo gur cheart cead a bheith agat do theanga féin a labhairt agus stíl mhaireachtála do theaghlaigh a leanúint, más mian leat. 

De réir Airteagal 14 ta sé de cheart agat do reiligiún agus do chreideamh féin a roghnú, agus ba chóir do do thuismitheoir(í)/chaomhnóir(í) cabhrú leat cinneadh a dhéanamh faoi cad is fearr duit. 

Conas a chosnaítear an ceart sin in Éirinn?

Tá dlíthe in Éirinn a chosnaíonn an ceart seo.

De réir Airteagal 44 den Bhunreacht tá sé de cheart agat aon reiligiún a chleachtadh in Éirinn. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh tú a bheith saor chun dul chuig an Aifreann, chuig Mosque, chun seirbhís a dhéanamh, chun teampall, nó go bhfuil spás ar fáil in aice leat chun do reiligiún a chleachtadh. 
De réir An tAcht um Stádas Comhionann, 2000 gur cheart go mbeadh tú saor chun do theanga, do chultúr agus do reiligiún a chleachtadh gan idirdhealú a dhéanamh i do choinne.

Scéal Seán

Haigh, is mise Seán agus is daoine de chuid an lucht siúil mise agus mo theaghlach. Ciallaíonn mo chultúr go mbímid ag bogadh timpeall go leor agus ní bhíonn cónaí orainn i gcónaí in aon áit amháin. Mar gheall air seo, caithfidh an Rialtas láithreacha stad speisialta a thabhairt dúinn, cosúil le háiteanna i ngach contae inar féidir linn ár dteach soghluaiste a champáil. Ba chóir go mbeadh siad sábháilte agus glan dúinn le maireachtáil iontu agus go mbeadh seirbhísí ann chun tacú linn. Ar an mbealach sin, faighimid ár gceart chun tithíochta ardchaighdeáin agus ár gceart chun ár gcultúr a chleachtadh.

An bhfuil an ceart sin ag gach leanbh in Éirinn?

I gcás leanaí a tháinig ó thír eile, ní bhíonn spásanna oiriúnacha ann i gcónaí dóibh chun guí nó a gcultúr a chleachtadh. B’fhéidir go mbeadh sé deacair orthu faisnéis a fháil ina dteanga féin freisin.
Bíonn bacainní roimh leanaí de chuid an Lucht Siúil agus na Romach freisin maidir le rochtain a fháil ar theach sábháilte a thacaíonn lena gcultúr.
Is féidir le gach ceann de na grúpaí seo idirdhealú a fhulaingt mar gheall ar a dteanga, a gcultúr nó a reiligiún freisin. 

Find out what you can do when you’re not getting your rights.

Rights

that help you grow

Ag cur tú féin in iúl

Ag forbairt do thallann agus do chumais

Bíodh do chearta ar eolas agat

Eolas a fháil

Oideachas

Súgradh agus scíth a ligean

Teanga, cultúr agus reiligiún

Find out

about your rights!

7-12 years old

13-17 years old