You are here:
Ag forbairt do thallann agus do chumais
13
– 17
years
old
Cad a chiallaíonn sé seo?
Déanann Airteagal 29 de CNACL cur síos ar an gcineál oideachais ba chóir do leanaí a fháil.
Míníonn sé nach ceart don chóras oideachais díriú ar ábhair acadúla amháin. Ina áit sin, ba chóir gurb é cuspóir an oideachais ná do phearsantacht, do thallann agus do chumais a fhorbairt go hiomlán.
Ba chóir don oideachas cabhrú le leanaí meas a fhorbairt ar chearta an duine, ar an timpeallacht nádúrtha, ar fhéiniúlachtaí cultúrtha éagsúla, agus ar luachanna a dtíre.
Conas a chosnaítear an ceart sin in Éirinn?

Scéal Shane
Dia duit, is mise Shane, tá mé 16 bliana d’aois, agus i mbliana roghnaíodh mé le bheith i mo cheann ar Choiste Glas mo scoile. Tá go leor tionscadal eagraithe againn chun go mbeidh daltaí eile ag smaoineamh níos mó ar an athrú aeráide agus ar an tionchar dearfach is féidir linn a imirt ar an gcomhshaol. Chruthaigh muid póstaeir a cuireadh suas ar fud na scoile, reáchtáil muid feachtas chun gach duine a spreagadh chun siúl nó rothaíocht ar scoil, agus chuireamar ina luí ar ár bpríomhoide fiú ligean dúinn teach gloine a bheith againn ionas go bhféadfaimis ár gcuid torthaí agus glasraí féin a fhás. Tá sé tábhachtach go nglacfaidh daoine óga páirt i ngrúpaí cosúil linne ionas go mbeidh siad ar an eolas faoi shaincheisteanna sa domhan mór agus go mbeidh a fhios acu conas is féidir leo beart a dhéanamh!
An bhfuil an ceart sin ag gach leanbh in Éirinn?
Find out what you can do when you’re not getting your rights.

Rights
that help you grow
Ag cur tú féin in iúl
Ag forbairt do thallann agus do chumais
Bíodh do chearta ar eolas agat
Eolas a fháil
Oideachas
Súgradh agus scíth a ligean
Teanga, cultúr agus reiligiún
Find out
about your rights!
7-12 years old
13-17 years old