You are here:
Ag cur tú féin in iúl
13
– 17
bliain
d’aois
Cad a chiallaíonn sé seo?
De réir Airteagal 13 den CNACL, tá an ceart agat ar shaoirse chun do thuairim a nochtadh, rud a chiallaíonn gur chóir go mbeifeá in ann eolas a bhailiú duit féin agus é a roinnt ar an mbealach is mian leat.
Baineann sé seo freisin le hAirteagal 15 de CNACL, faoina gceadaítear do leanaí bualadh le daoine óga eile, grúpaí a bhunú, agus páirt a ghlacadh in agóidí síochánta.
Mar sin féin, tá teorainneacha leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Mar shampla, ní féidir leat tú féin a chur in iúl ar bhealach ina ndéantar dochar do chearta nó do chlú duine eile. D’fhéadfaí é seo a dhéanamh trí eolas príobháideach fúthu a nochtadh nó trí rudaí nach bhfuil fíor a rá fúthu.
Ní féidir leat tú féin a chur in iúl ach an oiread ar bhealach ina gcuirtear sábháilteacht duine eile nó grúpa daoine i mbaol. Mar shampla, níor cheart duit rudaí a rá ná a scríobh d’fhonn daoine a spreagadh chun gníomhú go foréigneach nó go fuafar in aghaidh daoine eile.
An bhfuil an ceart sin ag gach leanbh in Éirinn?
Is minic a thugtar ‘Cosantóirí Leanaí ar Chearta an Duine’ ar leanaí agus ar dhaoine óga a dhéanann beart nuair nach mbíonn a gcearta á gcosaint.
Ar fud an domhain, bhí dúshláin ollmhóra le sárú ag go leor de chosantóirí leanaí ar chearta an duine agus iad ag iarraidh a dtuairimí a nochtadh agus seasamh suas ar son chearta an duine. Ina measc seo, tá ciapadh ar líne agus cibearbhulaíocht, ionsaithe fisiciúla, nó faireachas rialtais.
Conas a chosnaítear an ceart sin in Éirinn?
Faigh amach cad is féidir leat a dhéanamh mura bhfuil do chearta á gcomhlíonadh.

Cearta
a chabhraíonn leat fás
Ag cur tú féin in iúl
Ag forbairt do thallann agus do chumais
Bíodh do chearta ar eolas agat
Eolas a fháil
Oideachas
Súgradh agus scíth a ligean
Teanga, cultúr agus reiligiún
Faigh amach
faoi do chearta!
7-12 bhliain d’aois
13-17 mbliana d’aois