Skip to main content

Tá tú anseo:  

Á caitheamh go cothrom leat sa dlí

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat go gcaithfí leat go cothrom má tá tú i dtrioblóid leis na Gardaí agus leis an dlí.

Má dhéanann tú rud éigin i gcoinne an dlí, ní rachaidh tú chuig príosún má tá tú faoi 18 mbliana d’aois. Rachaidh tú chuig ionad coinneála.

SAMPLA: Ba chóir go mbeadh do thuismitheoir (í) in éineacht leat má tá tú ag freagairt ceisteanna ó Ghardaí.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


  • In Éirinn ní chuirfear tú chuig an bpríosún go dtí go bhfuil tú os cionn 18 mbliana d’aois. Má tá tú faoi 18 agus má tá an dlí sáraithe agat, cuirfear tú chuig ionad coinneála.
  • Luaitear i ndlí na hÉireann nach bhfuil tú freagrach as do ghníomhartha, má tá tú faoi bhun 12 bliana d’aois.
  • Ach amháin i gcás coireanna an-tromchúiseacha cosúil le dúnmharú, ní féidir tú a chúiseamh i gcion in Éirinn má tá tú faoi 12 bliana d’aois.