Skip to main content

Tá tú anseo:  

Príobháideacht

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá an ceart chun príobháideachta agat.

Is minic a aimsítear cothromaíocht idir an ceart seo agus leas an linbh. Má tá duine fásta buartha faoi do shábháilteacht, d’fhéadfaidís breathnú i do thaisceadán / dialann nó ar do ghuthán.

SAMPLA: Níor chóir ach daoine áirithe a bheith in ann do thaifid leighis a fhiosrú agus a léamh ar scoil. Ba chóir go mbeidís ar bhonn ‘riachtanas eolais’. Cosnaíonn sé seo do phríobháideacht.

Faigh tuilleadh eolais!

  • UNCRC, article 16 – tá sé de cheart agat   saol príobháideach a bheith agat.
  • Faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 & 2003, tá sé de cheart agat go n-úsáidfí do shonraí pearsanta (ainm / seoladh / aois) go cuí agus go gcoinníonn eagraíochtaí iad ar bhealach sábháilte agus slán.
  • Faoi Acht na Leanaí, 2001, tá sé de cheart agat nach bhfoilseofar d’ainm sna meáin má tá tú páirteach i gcás cúirte sa Chúirt Leanaí, má tá tú faoi 18 mbliana d’aois. Cosnaíonn sé seo do phríobháideacht.
  • Faoin Acht um Chúram Leanaí 1991, tá sé de cheart agat  nach bhfoilseofar d’ainm sna meáin chumarsáide, agus nach féidir tú a aithint, má tá do thuismitheoirí sa Chúirt Teaghlaigh maidir le do shocruithe coimeádta.