You are here:
Cosaint ó chogadh
13
– 17
years
old
Cad a chiallaíonn sé seo?
Luann go leor alt sa CNACL cearta leanaí atá buailte ag cogadh. Deir Airteagal 38 go gcaithfidh rialtais a chinntiú nach nglacann leanaí faoi bhun 15 bliana d’aois páirt i gcogaí.
Má tá cogadh i do thír féin, táan ceart agat dul go tír eile le bheith sábháilte. Tugtar “tearmann nó cosaint idirnáisiúnta” air seo. De réir Airteagal 22 caithfidh rialtas na tíre ina bhfuil tú ag lorg cosanta cabhrú leat taitneamh a bhaint as do chearta eile go léir.
Conas a chosnaítear an ceart sin in Éirinn?
An bhfuil an ceart sin ag gach leanbh in Éirinn?
Ar an drochuair, bíonn tionchar fós ag cogaí ar fud an domhain ar go leor leanaí agus a gcearta – bíodh sé mar fhinnéithe nó mar íospartaigh foréigin, nó mar shaighdiúirí leanaí.
Oibríonn James do na Náisiúin Aontaithe chun deireadh a chur le hearcú leanaí sna fórsaí armtha. Is féidir leat éisteacht lena scéal le fáil amach cén tionchar a bhí ar a shaol tar éis dó a bheith fuadaithe isteach san arm i nDeisceart na Súdáine sular fuair sé a shaoirse sa deireadh.
Find out what you can do when you’re not getting your rights.

Rights
that keep you safe
A bheith sábháilte
Ainm
Cosaint ó chogadh
Cosaint ó obair a dhéanann dochar duit]Ag cur tú féin in iúl
Go gcaithfear go cothrom leat leis an dlí
Náisiúntacht
Príobháideachas
Find out
about your rights!
7-12 years old
13-17 years old