Skip to main content

A bheith sábháilte

13

– 17

bliain

d’aois

Cad a chiallaíonn sé seo?

De réir Airteagal 19 de CNACL caithfidh an Stát leanaí a chosaint ó gach cineál díobhála agus dúshaothraithe. Is faoin rialtas atá sé tú a chosaint ó chásanna contúirteacha amhail mí-úsáid, fuadach nó a bheith páirteach i dtrádáil drugaí.

Conas a chosnaítear an ceart sin in Éirinn?

De réir an tAcht um Thús Áite do Leanaí 2015 tá freagracht ar gach duine leanaí a chosaint. Caithfidh aon duine fásta atá ag obair le leanaí, amhail múinteoirí, oibrithe sóisialta agus dochtúirí, leanaí a choinneáil slán agus má tá aon imní orthu, ní mór dóibh é seo a thuairisciú do na Gardaí nó do TUSLA.
De réir Alt 42A de Bhunreacht na hÉireann, mura bhfuil leanbh sábháilte ina chónaí lena theaghlach, tá bhfuil sé de cheart acu chúram a fháil ó dhuine eile. Má tá tú i do chónaí le teaghlach altrama nó i dteach cónaithe, caithfidh Tusla a chinntiú gur áit shábháilte, mhaith duit í.

Cad ba cheart dom a dhéanamh mura mbraitheann mé sábháilte?

Mura mbraitheann tú sábháilte sa bhaile, ar scoil, i do cheantar féin nó ag am ar bith eile, ba cheart duit labhairt le do thuismitheoirí, le do mhúinteoirí nó le duine fásta iontaofa eile. Is féidir leat an scéal a thuairisciú do na Gardaí freisin, agus ba cheart dóibh glacadh leat i ndáiríre. Is féidir leat labhairt le TUSLA freisin – oibríonn siad i gcomhar le teaghlaigh agus leis na Gardaí d’fhonn leanaí a chosaint ar dhochar.

Mura bhfuil éinne thart ort a bhfuil muinín agat as, is féidir leat glaoch a chur ar Childline (seirbhís atá á reáchtáil ag an ISPCC), áit a gcuirtear spás sábháilte ar fáil duit chun labhairt.

Faigh amach cad is féidir leat a dhéanamh mura bhfuil do chearta á gcomhlíonadh.

Cearta

a choinníonn tú sábháilte

A bheith sábháilte

Ainm

Cosaint ó chogadh

Cosaint ó obair a dhéanann dochar duit]Ag cur tú féin in iúl

Go gcaithfear go cothrom leat leis an dlí

Náisiúntacht

Príobháideachas

Faigh amach

faoi do chearta!

7-12 bhliain d’aois

13-17 mbliana d’aois