Skip to main content

You are here:  

Úsáid IS le haghaidh gearáin

Faigh amach cén fhaisnéis a theastaíonn uait a thabhairt dúinn agus foirm ghearáin OCO á líonadh agat agus faigh comhairle má tá uirlisí Intleachta Saorga (IS) á n-úsáid agat chun cabhrú leat do ghearán a dhéanamh.

Foirm ghearáin OCO a líonadh

Úsáid IS chun foirm ghearáin OCO a líonadh

Ba mhaith linn cloisteáil faoi do ghearán i do fhocal féin. Bí ar an eolas le do thoil gur féidir le téacs a ghintear le IS gearáin a dhéanamh ró-chasta. D’fhéadfadh sé seo cur leis an am a thógann sé orainn athbhreithniú a dhéanamh ar do ghearán chun cinneadh a dhéanamh an féidir linn cabhrú leat nó nach féidir. B’fhéidir go gcaithfimid iarraidh ort do ghearán a sheoladh chugainn arís, gan aon fhaisnéis nach bhfuil gá léi.

Is fearr teanga shimplí i gcónaí agus gearán á chur isteach. Bí cinnte go gcuirfimid aon cheisteanna leantacha ort má theastaíonn tuilleadh eolais uainn nó mura bhfuil rud éigin soiléir.

Ba cheart duit cuimhneamh freisin go bhfuil rioscaí ag baint le húsáid uirlisí IS agus do chuid faisnéise á roinnt agat.

Cén eolas a theastaíonn uainn nuair atá gearán á dhéanamh agat

  • Cathain a tharla sé
  • Conas a chuaigh sé i bhfeidhm ort
  • Má rinne tú gearán leis an tseirbhís go háitiúil
  • Beidh ort cóip de fhreagra an chomhlachta phoiblí ar do ghearán a chur chughu.
  • Cad ba mhaith leat a dhéanamh chun rudaí a chur i gceart

Má theastaíonn cabhair uait chun foirm ghearáin a líonadh

Tá a fhios againn gur féidir foirmeacha a líonadh a bheith casta uaireanta, go háirithe nuair a tharla rud éigin a chuir isteach ort. Má theastaíonn tacaíocht uait chun foirm a líonadh, is féidir leat cabhair a iarraidh ó chara, ó bhall teaghlaigh nó ó abhcóide, nó glaoch orainn ar 1800 20 20 40. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn freisin chun foirm ghearáin a iarraidh i dteanga nó i bhformáid eile

Céad Chéimeanna Eile

Ár bpróiseas gearán

Foirm ghearáin ar líne

Úsáid AI le haghaidh gearáin

An fhoirm ghearáin i dteangacha eile

Gearáin in uimhreacha

Na cásanna nach féidir linn cabhrú leo

Modhanna eile

chun gearán a dhéanamh

Saorghlao
1800 20 20 40

Postáil chuig
52-56 Great Strand St, Dublin 1, D01 F5P8