You are here:
Na cásanna nach féidir linn cabhrú leo
Mura féidir linn cabhrú leat, déanfaimid iarracht i gcónaí cabhrú leat agus tú a chur chuig eagraíochtaí a d’fhéadfadh a bheith in ann déileáil le do ghearán.
Eolas do Shaoránaigh
Soláthraíonn Eolas do Shaoránaigh faisnéis maidir le seirbhísí poiblí agus cearta in Éirinn. Faigheann sé tacaíocht ón mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh.
EPIC – Daoine i gcúram a chumhachtú
Tá sé mar aidhm ag EPIC leasanna agus leas leanaí agus daoine fásta óga sa chóras cúraim a chur chun cinn.
TREOIR – An tSeirbhís Náisiúnta um Shaineolas do Thuismitheoirí Neamhphósta
Soláthraíonn Treoir seirbhís faisnéise agus atreoraithe atá saor in aisce, faoi rún agus cothrom le dáta do thuismitheoirí neamhphósta – a chónaíonn le chéile nó nach gcónaíonn – agus do ghníomhaireachtaí a bhfuil baint acu leo.
IFCA – Cumann Cúraim Altrama na hÉireann
Is é Cumann Cúraim Altrama na hÉireann an eagraíocht náisiúnta a thacaíonn le teaghlaigh altrama agus leis an bpobal altrama i gcoitinne.
An Chomhairle Múinteoireachta
Is í an Chomhairle Mhúinteoireachta an comhlacht caighdeán gairmiúil don mhúinteoireacht a chuireann gairm na múinteoireachta chun cinn agus a rialaíonn í.
CORU
Rialaíonn CORU faoi láthair:
- Diatéitigh
- Radharceolaithe Dáiliúcháin
- Eolaithe Leighis
- Teiripeoirí Saothair
- Optaiméadraithe
- Fisiteiripeoirí
- Coslianna
- Radagrafaithe
- Teiripeoirí Radaíochta
- Oibrithe Sóisialta
- Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga
Comhairle na nDochtúirí Leighis
Láimhseálann Comhairle na nDochtúirí Leighis gearáin a bhaineann le hoiriúnacht dochtúra leighis chun leigheas a chleachtadh.
An tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean (FSPO)
Cuidíonn an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean le gearáin a réiteach le soláthraithe pinsin agus le soláthraithe rialáilte seirbhísí airgeadais.
Oifig an Ombudsman
Déanann Oifig an Ombudsman scrúdú ar ghearáin ó dhaoine os cionn 18 mbliana d’aois nach bhfuil sásta leis an gcaoi ar chaith soláthraithe áirithe seirbhíse poiblí leo.
Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána
Is gníomhaireacht dlí neamhspleách é Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána atá freagrach as gach gearán a dhéanann baill den phobal faoi iompar bhaill den Gharda Síochána a fháil agus déileáil leo.
Is comhlacht dlí neamhspleách é an Bord Pleanála a dhéileálann le hachomhairc i gcoinne údaráis áitiúla faoi chinntí cead pleanála a dheonú nó a dhiúltú.
Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh
Mura n-aontaíonn tú le cinneadh Oifigeach Breithiúnachta na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh maidir le do theidlíochtaí, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh.
An Coimisinéir Teanga
Is sealbhóir oifige dlí neamhspleách é an Coimisinéir Teanga a dhéanann monatóireacht ar cibé ar chloígh comhlachtaí poiblí le ceanglais Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 nó nár chloígh.
An Coimisinéir Cosanta Sonraí
Is sealbhóir oifige reachtúil neamhspleách é an Coimisinéir Cosanta Sonraí a chosnaíonn cearta daoine aonair maidir le sonraí pearsanta.
An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg)
Is é ComReg an comhlacht dlíthiúil atá freagrach as an earnáil cumarsáide leictreonaí agus an earnáil poist a rialáil.
An Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRU)
Is é CRU rialtóir neamhspleách fuinnimh agus uisce na hÉireann.
An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA)
Is údarás neamhspleách é HIQA atá freagrach as cáilíocht, sábháilteacht agus cuntasacht i seirbhísí cónaithe do leanaí, do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas in Éirinn.
Oifig Choimisinéir Faisnéise na hÉireann
Déanann an Coimisinéir Faisnéise athbhreithnithe ar chinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí maidir le hiarratais ar rochtain ar fhaisnéis.
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Déanann an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí maoirseacht ar chomhlíonadh na nAchtanna um Eitic a mhéid a bhaineann siad le sealbhóirí oifige, leis an Ard-Aighne, le comhairleoirí speisialta Aireachta, le státseirbhísigh shinsearacha, agus le stiúrthóirí agus feidhmeannaigh comhlachtaí poiblí son
raithe.
An Bord um Chúnamh DlíthiúilIs féidir leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil cabhrú leat mura bhfuil sé d’acmhainn agat aturnae a íoc go príobháideach.
BeLonG To
Is é Seirbhísí Óige BeLonG To an eagraíocht náisiúnta a thacaíonn le daoine óga leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LADTA+) in Éirinn.
Céad Chéimeanna Eile
Ár bpróiseas gearán
Foirm ghearáin ar líne
Úsáid AI le haghaidh gearáin
An fhoirm ghearáin i dteangacha eile
Gearáin in uimhreacha
Na cásanna nach féidir linn cabhrú leo
Modhanna eile
chun gearán a dhéanamh
Saorghlao
1800 20 20 40
Postáil chuig
52-56 Great Strand St, Dublin 1, D01 F5P8