Skip to main content

Cosaint ó chogadh

13

– 17

years

old

Cad a chiallaíonn sé seo?

Luann go leor alt sa CNACL cearta leanaí atá buailte ag cogadh.  Deir Airteagal 38 go gcaithfidh rialtais a chinntiú nach nglacann leanaí faoi bhun 15 bliana d’aois páirt i gcogaí.   

Má tá cogadh i do thír féin, táan ceart agat dul go tír eile le bheith sábháilte. Tugtar “tearmann nó cosaint idirnáisiúnta” air seo. De réir Airteagal 22 caithfidh rialtas na tíre ina bhfuil tú ag lorg cosanta cabhrú leat taitneamh a bhaint as do chearta eile go léir.  

Conas a chosnaítear an ceart sin in Éirinn?

Tír neodrach í Éire rud a chiallaíonn nach nglacann sí páirt i gcogaí.  Ní mór duit a bheith 18 mbliana d’aois freisin sula bhféadfaidh tú dul isteach in Óglaigh na hÉireann.
Caithfidh eagraíochtaí rialacha a leanúint maidir le conas a úsáideann siad do shonraí agus a mhíniú go soiléir duit cad atá á dhéanamh acu leo. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta maidir le do shonraí pearsanta ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí.

An bhfuil an ceart sin ag gach leanbh in Éirinn?

Ar an drochuair, bíonn tionchar fós ag cogaí ar fud an domhain ar go leor leanaí agus a gcearta – bíodh sé mar fhinnéithe nó mar íospartaigh foréigin, nó mar shaighdiúirí leanaí.

Oibríonn James do na Náisiúin Aontaithe chun deireadh a chur le hearcú leanaí sna fórsaí armtha.   Is féidir leat éisteacht lena scéal le fáil amach cén tionchar a bhí ar a shaol tar éis dó a bheith fuadaithe isteach san arm i nDeisceart na Súdáine sular fuair sé a shaoirse sa deireadh. 

Find out what you can do when you’re not getting your rights.

Rights

that keep you safe

A bheith sábháilte

Ainm

Cosaint ó chogadh

Cosaint ó obair a dhéanann dochar duit]Ag cur tú féin in iúl

Go gcaithfear go cothrom leat leis an dlí

Náisiúntacht

Príobháideachas

Find out

about your rights!

7-12 years old

13-17 years old