Skip to main content

Náisiúntacht

13

– 17

years

old

Cad a chiallaíonn sé seo?

De réir Airteagal 7 de CNACL tá an ceart ag gach leanbh ainm agus céannacht a bheith acu. 

Is cuid thábhachtach de chéannacht linbh é seo: ciallaíonn sé go mbaineann siad le tír agus gur féidir leo taitneamh a bhaint as cearta eile atá faoi chosaint faoi dhlíthe na tíre sin.  

Fíric spéisiúil!

De réir Dhaonáireamh 2022, bhí beagnach 632,000 duine ina gcónaí in Éirinn nach raibh ina saoránaigh Éireannacha.  B’as tíortha eile san AE beagnach leath díobh sin.

B’as an bPolainn agus as an Ríocht Aontaithe do na grúpaí ba mhó daoine neamh-Éireannacha, agus an India, an Rómáin agus an Liotuáin ina ndiaidh.

Thug os cionn 170,000 duine le fios go bhfuil saoránacht dhéach acu, is é sin le rá go bhfuil saoránacht na hÉireann agus saoránacht ó thír eile acu.

Conas a chosnaítear an ceart sin in Éirinn?

Roimhe seo, bhí gach leanbh a rugadh in Éirinn i dteideal saoránacht Éireannach a fháil go huathoibríoch.  Mar sin féin, sa bhliain 2004, vótáil muintir na hÉireann chun na rialacha maidir le saoránacht a athrú i mBunreacht na hÉireann.  Anois, tá tú i dteideal saoránacht Éireannach a fháil más rud é:

Go rugadh in Éirinn tú do thuismitheoir atá ina shaoránach Éireannach nó ina shaoránach den Ríocht Aontaithe.
Go rugadh in Éirinn tú do thuismitheoir nach saoránach Éireannach ná saoránach den Ríocht Aontaithe é nó í, ach a raibh cónaí air nó uirthi in Éirinn ar feadh líon áirithe blianta sular rugadh tú.
Go rugadh lasmuigh d’Éirinn tú do thuismitheoir Éireannach.
Go rugadh in Éirinn tú agus nach bhfuil aon cheart agat ar shaoránacht i dtír eile.

An bhfuil an ceart sin ag gach leanbh in Éirinn? 

Cé gur deacair a fháil amach go beacht cé mhéad leanbh a gceiltear an ceart seo orthu, meastar nach bhfuil saoránacht ó thír ar bith ag na milliúin leanbh ar fud an domhain.  
Is minic a thugtar leanaí ‘gan stát’ orthu siúd.  D’fhéadfadh go mbeadh deacrachtaí acu leas a bhaint as a gcearta eile, agus tá siad thar a bheith leochaileach ó thaobh leithcheala agus dúshaothraithe de.

Find out what you can do when you’re not getting your rights.

Rights

that keep you safe

A bheith sábháilte

Ainm

Cosaint ó chogadh

Cosaint ó obair a dhéanann dochar duit]Ag cur tú féin in iúl

Go gcaithfear go cothrom leat leis an dlí

Náisiúntacht

Príobháideachas

Find out

about your rights!

7-12 years old

13-17 years old