You are here:
Ainm
13
– 17
bliain
d’aois
Cad a chiallaíonn sé seo?
De réir Airteagal 7 de CNACL tá an ceart ag gach leanbh ainm agus céannacht a bheith acu.
Mar gheall air sin, ní mór leanaí a chlárú chomh luath agus is féidir tar éis a mbreithe. De ghnáth, tugtar teastas breithe do na tuismitheoirí mar chruthúnas go bhfuil a leanbh cláraithe.
Is é clárú na breithe an chéad chéim chun leas a bhaint as do chearta eile go léir. Trí chlárú na breithe, faigheann tú aitheantas dlíthiúil, agus is féidir leat, dá bharr sin, teacht ar sheirbhísí riachtanacha i do thír – amhail vacsaíní a fháil, teacht ar chúram sláinte, iarratas a dhéanamh ar phas, agus clárú ar scoil.
Conas a chosnaítear an ceart sin in Éirinn?
An bhfuil an ceart sin ag gach leanbh in Éirinn?
Cé go nglacann go leor leanaí in Éirinn mar thalamh slán leis an gceart seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh easpa cruthúnais aitheantais ag leanaí a tháinig chun cónaí anseo ó thíortha eile, ar chúiseanna éagsúla. Mar gheall air seo, d’fhéadfadh sé a bheith níos deacra dóibh teacht ar an tacaíocht a theastaíonn uathu anseo, go háirithe do dhéagóirí níos sine, ar gá dóibh a chruthú go bhfuil siad faoi bhun 18 mbliana d’aois agus go bhfuil siad i dteideal a gceart mar leanaí.
Faigh amach cad is féidir leat a dhéanamh mura bhfuil do chearta á gcomhlíonadh.

Cearta
a choinníonn tú sábháilte
A bheith sábháilte
Ainm
Cosaint ó chogadh
Cosaint ó obair a dhéanann dochar duit]Ag cur tú féin in iúl
Go gcaithfear go cothrom leat leis an dlí
Náisiúntacht
Príobháideachas
Faigh amach
faoi do chearta!
7-12 bhliain d’aois
13-17 mbliana d’aois