You are here:
A bheith sábháilte
13
– 17
bliain
d’aois
Cad a chiallaíonn sé seo?
De réir Airteagal 19 de CNACL caithfidh an Stát leanaí a chosaint ó gach cineál díobhála agus dúshaothraithe. Is faoin rialtas atá sé tú a chosaint ó chásanna contúirteacha amhail mí-úsáid, fuadach nó a bheith páirteach i dtrádáil drugaí.
Conas a chosnaítear an ceart sin in Éirinn?
Cad ba cheart dom a dhéanamh mura mbraitheann mé sábháilte?
Mura mbraitheann tú sábháilte sa bhaile, ar scoil, i do cheantar féin nó ag am ar bith eile, ba cheart duit labhairt le do thuismitheoirí, le do mhúinteoirí nó le duine fásta iontaofa eile. Is féidir leat an scéal a thuairisciú do na Gardaí freisin, agus ba cheart dóibh glacadh leat i ndáiríre. Is féidir leat labhairt le TUSLA freisin – oibríonn siad i gcomhar le teaghlaigh agus leis na Gardaí d’fhonn leanaí a chosaint ar dhochar.
Mura bhfuil éinne thart ort a bhfuil muinín agat as, is féidir leat glaoch a chur ar Childline (seirbhís atá á reáchtáil ag an ISPCC), áit a gcuirtear spás sábháilte ar fáil duit chun labhairt.
Faigh amach cad is féidir leat a dhéanamh mura bhfuil do chearta á gcomhlíonadh.

Cearta
a choinníonn tú sábháilte
A bheith sábháilte
Ainm
Cosaint ó chogadh
Cosaint ó obair a dhéanann dochar duit]Ag cur tú féin in iúl
Go gcaithfear go cothrom leat leis an dlí
Náisiúntacht
Príobháideachas
Faigh amach
faoi do chearta!
7-12 bhliain d’aois
13-17 mbliana d’aois