Skip to main content

You are here:  

Ag déanamh an rud is fearr do leanaí

13

– 17

bliain

d’aois

Cad a chiallaíonn sé seo?

Nuair a dhéanann daoine fásta cinntí fút, caithfidh siad smaoineamh go láidir faoin rud is fearr duit.

Mar a deirtear san Airteagal 3 de CNACL.

Ba chóir do gach duine fásta i do shaol agus ar fud an domhain an rud is fearr duit a dhéanamh. Nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh acu faoi shaol laethúil leanaí, dlíthe á gceapadh acu d’fhonn leanaí a chosaint, nó nuair a bhíonn siad ag obair i ról ina dtugann siad aire do leanaí, ba chóir dóibh a bheith inniúil ar a gcuid oibre agus machnamh a dhéanamh ar na bealaí ar féidir leo saol na leanaí a fheabhsú

Conas a chosnaítear an ceart sin in Éirinn?

Sa bhliain 2012, vótáil muintir na hÉireann chun roinnt cearta leanaí a chur san áireamh inár mBunreacht. Mar gheall air seo, scríobhadh a lán dlíthe nua a chosnaíonn leasanna is fearr leanaí. 
Mar shampla, caithfear machnamh a dhéanamh anois ar a bhfuil is fearr do leanaí i gcásanna teaghlaigh agus uchtála, agus nuair a dhéanann Tusla cinntí faoi dhuine óg. 

An bhfuil an ceart sin ag gach leanbh in Éirinn?

Ní bhíonn leas gach linbh in Éirinn á chosaint i gcónaí. Agus tú ag léamh trí na cearta, tiocfaidh tú trasna ar shamplaí nach bhfuil cearta leanaí á gcosaint, rud nach bhfuil chun a leasa. 

Scéal Gracie

Haigh, is mise Gracie agus anuraidh, b’éigean dom mo theach a fhágáil agus bogadh isteach le teaghlach altrama. Bhí sé an-deacair maireachtáil ar shiúl ó mo Mham ach tá a fhios agam gurbh é an cinneadh ceart é ar mhaithe liomsa, faoi láthair. Ní raibh sé an-sábháilte san áit a raibh cónaí orm roimhe seo. Faighim deis fós Mam a fheiceáil agus tá tacaíocht á fáil aici anois chun cabhrú léi mothú níos fearr.”

Faigh amach cad is féidir leat a dhéanamh mura bhfuil do chearta á gcomhlíonadh.

Cearta

a chabhraíonn leat do chearta go léir a fháil

Ag déanamh an rud is fearr do leanaí

Do ghuth a usáid

Gach duine difriúil, Gach duine comhionann

Faigh amach

faoi do chearta!

7-12 bhliain d’aois

13-17 mbliana d’aois