Skip to main content

Tá tú anseo:  

Do chuid buanna agus cumais a fhorbairt

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat oideachas cothrom a bheith agat, nach mbaineann le matamaitic agus le scríbhneoireacht amháin.

Ba chóir go mbeadh am agat ceol agus spórt a imirt agus do chuid buanna agus cumais a chleachtadh.

SAMPLA: Ba chóir go mbeifeá in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí iarscoile agus i do cheantar.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?

  • Luaitear in Airteagal 29 den UNCRC gur “ chóir go gcuideodh d’oideachas leat do chuid buanna agus cumas a úsáid agus a fhorbairt. Ba chóir go gcuideodh sé leat foghlaim conas maireachtáil go síochánta, conas an comhshaol a chosaint agus meas a bheith agat ar dhaoine. “
  • In Éirinn, luaitear sna rialacha a threoraíonn ár ndlíthe (an bunreacht) go bhfuil do chuid tuismitheoirí freagrach as do chuid oideachais. Ba chóir dóibh na rudaí atá ceart agus mícheart a mhúineadh duit.
  • Luaitear freisin go bhfuil sé de cheart agat dul go dtí an bhunscoil saor in aisce agus gur chóir don Rialtas a chinntiú go bhfuil scoileanna sábháilte agus go bhfuil siad á reáchtáil i gceart.
  • Tá freagracht ag eagraíocht ar a dtugtar an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) as ábhair a chruthú ar chóir duit a fhoghlaim ar scoil. Déanann siad iarracht oideachas in Éirinn a dhéanamh níos fearr agus cothrom.
  • I go leor meánscoileanna, tugtar an Idirbhliain ar an gceathrú bliain. Le linn na bliana sin, faigheann tú deis do chuid buanna agus cumais a fhorbairt agus i roinnt scoileanna, triail a bhaint as rudaí cosúil le féinchosaint, garchabhair, taithí oibre agus drámaíocht.

  • Scouting Ireland: Mar chuid den mhodh gasógaíochta, tá foghlaim trí dhéanamh agus a bheith amuigh faoin aer.
  • Is scátheagraíocht é Sporting Ireland chun spórt éagsúil a chur chun cinn agus a fhorbairt in Éirinn