You are here:
Tú féin a chur in iúl
7-12
years
old
Cad a chiallaíonn sé seo?

Deir an CNACL go bhfuil sé de cheart agat tú féin a chur in iúl gan srian agus na rudaí a cheapann tú a roinnt.
Ní chiallaíonn sé seo gur féidir leat gach rud a theastaíonn uait a rá an t-am ar fad! Is féidir leat easaontú le daoine eile ach ní féidir leat tú féin a chur in iúl ar bhealach a dhéanann dochar duit féin nó do dhaoine eile.
Trí tú féin a chur in iúl ar bhealach a dhéanann ionsaí nó idirdhealú ar dhuine eile mar gheall ar a chine, a reiligiún, a náisiúntacht, a aois, a inscne nó a mhíchumas, is féidir go mbraitheann an duine sin gortaithe, imníoch nó neamhshábháilte.
Scéal Dami

Tháinig mé go hÉirinn nuair a bhí mé seacht mbliana d’aois. Is maith liom an áit seo, ach uaireanta is féidir le páistí eile i mo rang a bheith suarach agus ciníoch.
Uair amháin, bhí mé ag imirt peile le mo chairde ag am lóin agus thosaigh buachaill amháin ag rá nach raibh cead agam imirt toisc nach as an áit seo dom. Dúirt sé nach raibh sé ach ag magadh, ach níl aon cheart aige é sin a rá liom. Goilleann sé orm agus tá na cearta céanna agam agus atá ag gach leanbh eile. Is cuma cárbh as duit.
Tá go leor bealaí ann chun tú féin a chur in iúl – ní hamháin labhairt. Is féidir leat tú féin a chur in iúl trí scríobh, amhránaíocht, seinm, damhsa nó tarraingt.
Ní mór do thuismitheoirí agus do scoileanna timpeallacht shábháilte mheasúil a chruthú ina mbraitheann gach leanbh go bhfuil siad in ann iad féin a chur in iúl gan srian, ar cibé bealach a roghnaíonn siad.


An raibh a fhios agat?
Tá agóidí eagraithe ag leanaí ar fud an domhain chun a gcearta a chosaint. Tugtar Cosantóirí Chearta an Duine ar na leanaí seo agus is minic a cuireadh a saoirse cainte i mbaol.
Ní raibh Malala Yousafzai ach 11 bhliain d’aois nuair a thosaigh sí ag feachtasaíocht i gcoinne thoirmeasc an Talaban ar chailíní freastal ar scoil ina tír dhúchais Swat sa Phacastáin.
Is gníomhaí Sualannach í Greta Thunberg a d’iarr ar rialtais ar fud an domhain gníomhú ar athrú aeráide ó bhí sí ina déagóir.
Faigh amach cad is féidir leat a dhéanamh mura bhfuil do chearta á gcomhlíonadh.

Rights
that help you grow
Ag forbairt do thallann agus do chumais
Bíodh do chearta ar eolas agat
Eolas a fháil
Oideachas
Súgradh agus sos
Teanga, cultúr agus reiligiún
Tú féin a chur in iúl
Find out
about your rights!
7-12 years old
13-17 years old