Skip to main content

Tá tú anseo:  

Míshásta le seirbhís atá á sholáthar do leanaí

An méid ar féidir leat súil a bheith leis má tá páirt á glacadh agat i gceann dár gceardlanna faoi chearta leanaí.

Má bhíonn tú míshásta le seirbhís phoiblí atá á soláthar do leanbh nó duine óg, is é an chéad chéim chun labhairt leis an tseirbhís nach bhfuil tú sásta léi féachaint an féidir leo an fhadhb a cheartú láithreach bonn. Cinntigh go gcoimeádann tú taifead ar gach ceann de na ríomhphoist agus na comhráite ar an nguthán a bhíonn agat.

Má dhéanann tú gearán leis an tseirbhís agus mura bhfuil tú sásta leis an méid a deir siad, féadfaidh tú dul i gcomhairle linn ag an OOL.

Is é an bealach is éasca chun gearán a dhéanamh ár bhfoirm ghearáin ar líne a chomhlánú.

Chun teacht ar bhreis faisnéise ar conas a oibríonn ár bpróiseas gearán, tabhair cuairt ar an mír ‘gearáin’.

Féadfaidh tú cóip a phriontáil den fhoirm ghearáin agus í a sheoladh sa phost chugainn chuig Oifig an Ombudsman do Leanaí, Teach na Mílaoise, 52-56 Sráid na Trá Mhór, Baile Átha Cliath 1.

Más mian leat labhairt le duine dár n-oibrithe cásanna leithleacha, féadfaidh tú glao orainn ar ár n-uimhir Saorghlao 1800 20 20 40 agus rachaidh siad tríd an bhfoirm leat nó seolfaidh siad ceann chugat.