Skip to main content

Tá tú anseo:  

Ábhair oideachais

Bíodh teacht agat ar acmhainní d’oideachasóirí agus do phrofaisiúnaigh, pleananna ceachta, póstaeir cearta an linbh agus ár suíomh idirlín le haghaidh daoine óga.

Pleananna ceachta agus gníomhartha le haghaidh daoine atá ag obair le leanaí agus daoine óga

Tá acmhainní forbartha againn d’oideachasóirí chun ceisteanna a bhaineann le cearta leanaí in Éirinn a phlé i gcomhar leis an aos óg.

Tá na hacmhainní seo scríofa ag múinteoirí a bhfuil an-taithí go deo acu agus iad ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge agus is furasta iad a híoslódáil agus a leasú.

Cearta Leanaí a Fhíorú 2017

Is é an 28ú Meán Fómhair 2017 cothrom an lae a dhaingnigh Éire Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 25 bliain ó shin. Tá Oifig an Ombudsmain do Leanaí chun an lá mór seo a chomóradh trí chuireadh a sheoladh chuig gach mac máthar agus iníon athar páirt a ghlacadh agus “Leanaí Anois, Cearta Anois” a cheiliúradh inár dteannta.

Tá neart acmhainní oideachais forbartha againn le haghaidh múinteoirí agus oideachasóirí chun lámh chúnta a thabhairt leanaí de gach aois i dtaobh a gcearta agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

Cearta Leanaí a Fhíorú

Making Children’s Rights Real is a suite of resource materials to support teachers in primary and post-primary schools to explore children’s rights with their students in the context of curriculum teaching and learning.

The materials include an important focus on supporting children and young people to implement an action for children’s rights.

Materials

Support Materials for Junior and Senior Infant Teachers:

Support Materials for all Teachers

All of these materials will be available in Irish shortly.

Comhairliúchán is ea Bí Linn atá tógtha ag Oifig an Ombudsmain do Leanaí in 2016 chun cluas le héisteacht a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óg a gcuid smaointe a fháil ar cad iad na bealaí éifeachtacha ba mhaith dúinn a thógaint chun feasacht agus tuiscint i dtaobh cearta an libh i measc leanaí agus daoine óga sa todhchaí a chothú.

Tá ábhair acmhainne forbartha againn a chabhróidh le scoileanna, ionaid Youthreach agus seirbhísí óige tacaíocht a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga páirt a ghlacadh in obair Bí Linn.

Fág go bhfuil clabhsúr curtha lenár gcomhairliúchán oifigiúil, tá deis fós ann dul i gcomhairle le leanaí agus le daoine óga i do cheantar féin. Is féidir ábhair agus na póstaeir a ghabhann leo i dtaobh Oifig an Ombudsmain do Leanaí agus CNACL a íoslódáil anseo thíos.

Má thoilíonn do scoil féin, d’ionad Youthreach nó do sheirbhís óige páirt a ghlacadh, ba bhreá lenár gcroí sinn bheith ar an eolas faoi thorthaí na hoibre. Bí i dteangmháil linn ach ríomhphost a sheoladh chuig oco@oco.ie.

Materials:

Sraith d’ábhair oideachais is ea Áiteanna Beaga a d’fhorbair Oifig an Ombudsman do Leanaí i 2012.

Is í aidhm Áiteanna Beaga cúnamh a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga nascanna a thógaint idir chearta leanaí (faoi mar atá leagtha amach ag Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh) agus cúrsaí a saoil féin ag baile, ar scoil agus sa phobal.

Primary school activities:

Materials for post primary:

Is éard atá i Céard a déarfá féin? ná acmhainn chun iniúchadh a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le cearta an linbh. San áireamh ann tá tagairtí don Choinbhinsiún um Chearta an Linbh agus don Bhunreacht.

Grúpa múinteoirí a chruthaigh na gníomhaíochtaí seo - gníomhaíochtaí a ceapadh ar bhealach a éascódh cur i bhfeidhm roinnt gnéithe den churaclam.

Sna hábhair tugtar tús eolais ar ról agus obair an Ombudsman do Leanaí agus tugtar an deis do leanaí na saincheisteanna seo a leanas a iniúchadh agus a phlé; Guth a bheith agat agus go dtabharfaí cluas le héisteacht duit, Teaghlach agus cúram; Sláinte agus maoin; Oideachas; Súgradh, fóillíocht agus caitheamh aimsire, agus Cuimsiú.

Tá neart acmhainní oiriúnacha ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga:

Junior and Senior Infants

Naíonáin Shóísearcha agus Shinsearacha

Is suíomh idirlín é www.itsyourright.ie, chomh maith le cainéil eile meán sóisialta (facebook, instagram) don aos óg a mhúsclaíonn feasacht i dtaobh a gcuid cearta.

Tá go leor fírící ar an suíomh i dtaobh cearta. Tá físeáin agus taifid fhuaime de leanaí agus de dhaoine óga ag míniú cén fáth go bhfuil tábhacht lena gcuid cearta.

Ina theannta sin, tá tuilleadh eolais le fáil ar na hacmhainní le haghaidh daoine atá ag plé le leanaí nó daoine óga chun go mbeidh siad in ann cearta an linbh a theagasc ina thimpeallacht féin.