You are here:
An bhfuil tú míshásta le seirbhís atá á cur ar fáil do leanaí?
An méid ba cheart a dhéanamh má tú míshásta le seirbhís phoiblí atá á cur ar fáil do leanbh nó do dhuine óg.
Má tú míshásta le seirbhís phoiblí atá á cur ar fáil do leanbh nó do dhuine óg, is é an chéad chéim labhairt leis an tseirbhís nach bhfuil tú sásta léi agus féachaint an féidir leo an fhadhb a réiteach láithreach. Déan cinnte go gcoinníonn tú taifead de na ríomhphoist, na comhráite teileafóin go léir atá agat.
Má dhéanann tú gearán leis an tseirbhís agus mura bhfuil tú sásta leis an méid a deir siad, is féidir leat teacht chugainn ag an OCO.
Is é an bealach is éasca le gearán a dhéanamh ár bhfoirm ghearáin a líonadh isteach ar líne.
Chun tuilleadh faisnéis a fháil faoin gcaoi a n-oibríonn ár bpróiseas gearán, tabhair cuairt ar an rannán gearán.
Is féidir leat cóip den fhoirm ghearáin a phriontáil agus í a sheoladh chugainn ag Oifig an Ombudsman do Leanaí Teach na Mílaoise An Chéad Urlár 52-56 Sráid na Trá Mhór Baile Átha Cliath 1 DO1 F5P8.
Más mian leat labhairt le duine dár n-oibrithe cáis, is féidir leat glaoch orainn ar ár nUimhir Shaorghlao 1800 20 20 40 agus rachaidh siad tríd an bhfoirm leat nó seolfaidh siad ceann chugat.
An bhfuil imní ort faoi leanabh?
Tús Áite do Leanaí
An bhfuil tú míshásta le seirbhís atá á cur ar fáil do leanaí?