Skip to main content

Tá tú anseo:

Seolann Austin Currie Tuarascáil Bhliantúil 2010 an Ombudsman do Leanaí

  • Láimhseáil Oifig an Ombudsman do Leanaí 1,223 gearán i 2010
  • Mionchomhairle tugtha ar reachtaíocht shuntasach
  • Guthanna dhaoine óga i bpríosún Naomh Pádraig tugtha chun solais ar mhaite le h-athruithe a thabhairt i gcrích sa phríosún

Tá tuarascáil bhliantúil 2010 an Ombudsman do Leanaí á sheoladh inniú (Dé Céadaoin) ag Austin Currie, gníomhaí ar son chearta siabhialta agus iar-Aire Stáit a bhí ról lárnach aige i mbunú Oifig an Ombudsman do Leanaí.

Dúirt an tOmbudsman do Leanaí, Emily Logan: “Léiríonn mo thuarascáil bhliantúil 2010 go bhfuil gá le leasaithe san earnáil phoiblí maidir leis an mbealach a thacaíonn an Stát le páistí agus lena dteaghlaigh. Braithim gur ábhar imní é go mbíonn cur chuige i bhfad ró mhaorlathach ag comhlachtaí poiblí uaireanta i gcomhthéacs a gcinnteoireachta, agus go bhfuil easpa cur i bhfeidhm le feiscint maidir lenár reachtaíocht agus le polasaithe náisiúnta, mar shampla an tAcht un Chúram Leanaí 1991 agus Tús Áite do Leanaí: Treoirlínte Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí”.

Léiríonn an tuarascáil – tuarascáil deiridh an chéad téarma sé bhliana den Ombudsman do Leanaí – go bhfuil an Oifg seo tar éis ról tábhachtach a imirt óna bunú i 2004 maidir le cur chun cinn agus monatóireacht chearta an linbh in Éirinn, ag soláthar rialú cáilíochta de sheirbhísí phoiblí do leanaí agus meicníocht sásaimh neamhspleách, neamhchlaonta agus saor in aisce do pháistí agus teaghlaigh atá mí-shásta leis an slí ar caiteadh leo.

Láimsheáil an Oifig 1,223 gearán i 2010. Ba ionann gearáin a bhain le h-oideachas agus 38% den iomlán, agus do bhain 37%, 8% agus 5% le sláinte, ceartas agus tithíocht faoi seach. Is iad tuismitheoirí aighní is tábhachtaí a bpáistí , agus fuarthas 75% de na gearáin ó bhaill theaghlaigh, 10% ó ghairmithe agus 4% ó dhaoine óga iad féin.

Agus buiséad na Oifige laghdaithe 10%, tá méadú 65% tagtha ar líon na ngearán ó 2008. Tá an Oifig tar éis oibriú go dian chun seirbhís d’ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaoine óga go bhfuil gá acu leis, in ainneoin an bhrú ar acmhainní.

Tá sé tábhachtach i gcomhthéacs na ndeacrachtaí airgeadais sa tír faoi láthair go bhfuil Oifig an Ombudsman do Leanaí tar éis a bheith ábalta malairt modhanna chun díospóidí a réiteach a sholáthar do theaghlaigh – murach an féidearthacht seo, tá seans go mbeadh orthu caingean a thionscnamh i gcoinne an Stáit. Chomh maith le sin, tá an Oifig tar éis éifeachtachtaí do chomhlachtaí poiblí a aithint agus cruatan pháistí agus a dteaghlaigh a laghdú.

Más cuí, lean an Oifig d’idirghabhálacha a dhéanamh le comhlachtaí poiblí maidir le na céimeanna is féidir a ghlacadh le polasaí, cleachtas agus nós imeachta a fheabhsú agus a mhionathrú d’fhonn na torthaí is fearr do leanaí a bhaint amach.

Chomh maith le feidhm thraidisiúnta láimhsithe gearáin an Ombudsman atá leagtha amach in Acht um Ombudsman do Leanaí 2002, tá freagracht reachtúil ag an Ombudsman do Leanaí: cearta an linbh a chur chun cinn, ach go h-áirithe prionsabail Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh; comhlachtaí

poiblí a spreagadh chun polasaithe a fhorbairt a chuireann meas ar chearta leanaí; comhairle a thabhairt d’Airí Rialtais ar reachtaíocht agus ar pholasaí a bhaineann le leanaí; agus dul i gcomhairle le leanaí go díreach agus a mbuarthaí a chur in iúl don phobal.

Agus a feidhm á chomhlíonadh aici, thug an Ombudsman do Leanaí a comhairle d’Airí Rialtais ar reachtaíocht shuntasach i 2010: An Bille Sláinte (Leasú), 2010; An Bille um Páirtnéireacht Shibhialta 2009; agus An Bille um Chúram Leanaí (Leasú) 2009. Mar fhreagra ar cheann de na h-ábhair imní a spreag An Bill um Chúram Leanaí (Leasú) 2009, do mhol an Ombudsman do Leanaí nár cheart athchur faoi choimeád a úsáid le haghaidh cúiseanna leasa de bharr an easpa de shocrúchán cúraim oiriúnach.

Ó ceapadh Emily Logan mar Ombudsman do Leanaí, níl aon fhianaise tugtha faoi dearadh aici ar choimlint idir chearta an linbh agus cearta thuismitheoirí. Tá na páistí nach bhfuil cúram a dtuismitheoirí acu ar na daoine óga is leochailí inár sochaí, agus tá an Oifig seo tar éis díriú ar chearta na bpáistí seo. I 2010, chuir Oifig an Ombudsman do Leanaí próiseas comhairliúcháin ar bun le daoine óga 16 agus 17 mbliana d’aois atá faoi choimeád i bhForas Naomh Pádraig. Chuir an Ombudsman do Leanaí fáilte roimh oscailteacht fhoireann agus bhainistíocht Fhoras Naomh Pádraig maidir lenár gcuid oibre leis na daoine óga.

Baineann an tasc de réadú cearta leanaí a chur ar aghaidh leis na dálaí atá riachtanach do leanaí chun maireachtáil le dínit agus meas a chur i bhfeidhm; go n-aithnítear mar shealbhóirí cearta iad; dá n-acmhainneacht a bhaint amach, agus a chinntiú go bhfuil siad sona sásta, folláin agus sábháilte. Trína hobair feiceann an OCO na bacainní a bhíonn os comhair leanaí agus teaghlach maidir leis seo a bhaint amach, nuair a bhíonn sí ag déanamh imscrúduithe ar ghearáin a chuirtear chuig an Oifig agus ina hobair dhíreach le leanaí agus daoine óga. Trí na deacrachtaí nithiúla agus praiticiúla seo a dhealrú, tá sé mar aidhm ag Oifig an Ombudsman do Leanaí a chinntiú go bhfuil cinnteoirí agus an tsochaí i gcoitinne ar an eolas faoi fhadhbanna nach dtabharfaí faoi deara nó nach bpléifí ar chuma eile b’fhéidir. Díríonn obair an OCO go mór ar réitigh a chur ar fáil do na fadhbanna a shainaithnítear chomh maith, agus maidir leis seo cuireann sí treoir ar fáil ar an dóigh le dul i ngleic leis na fadhbanna seo ar mhaithe le leanaí.

Críoch

Nótaí d’eagarthóirí

Is í Emily Logan an chéad Ombudsman do Leanaí in Éirinn agus cheap an t-Uachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa í i Mí na Nollag 2003 tar éis comórtais oscailte agus rún ó Thithe an Oireachtais. Athcheapadh í dá dara téarma – an téarma deireanach – i Mí na Nollag 2009.

Tháinig an tAcht um Ombudsman do Leanaí 2002 – an reachtaíocht phríomhúil a leagann amach cumhachtaí agus údarás an Ombudsman do Leanaí – in éifeacht ar an 25ú Aibreán 2004.

Tá taithí oibre 29 mbliana ag Emily Logan ag obair le páistí agus teaghlaigh agus ag cur a gcearta chun cinn. Tá sí oilte mar bhanaltra péidiatraiceach agus chaith sí 10 mbliana ag obair i Sasana in Ospidéal Guy agus Great Ormonde Street sular tháinig sí ar ais go hÉirinn. Sular ceapadh í mar Ombudsman do Leanaí, do bhí dhá phost sinsearach aici sa riarachán poiblí.

Téir i dteagmháil le Nikki Gallagher ag 086-8163246 má tá breis eolais uait.