Skip to main content

Tá tú anseo:

FSS agus Tusla fós gan comhoibriú éifeachtach a dhéanamh ar son 483 leanbh faoi mhíchumas atá faoi chúram an stáit

In 2018, d’fhoilsigh Oifig an Ombudsman do Leanaí Molly’s Case, tuarascáil ina mhionsonraítear gearán a bhaineann le leanbh faoi mhíchumas atá faoi chúram altrama. Rugadh Molly agus siondróm Down agus uathachas trom uirthi. Thréigh a tuismitheoirí fola í agus d’fhás sí aníos lena teaghlach altrama i ndiadh a bheith curtha leo agus í 4 mhí d’aois.

Rinne cúramóir altrama Molly gearán linn maidir leis an leibhéal tacaíochtaí agus seirbhísí arna gcur ar fáil ag Tusla agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun freastal ar riachtanais Molly. Fuaireamar go raibh an fhadhb chéanna ag 471 leanbh eile atá faoi mhíchumas trom nó míchumas meánach agus iad faoi chúram.

Bliain iomlán ina dhiaidh sin agus táimid ag filleadh ar an gcás sin chun rianú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag FSS agus Tusla ar na gealltanais a rinne siad mar fhreagairt ar thuarascáil na bliana seo caite.

Ag labhairt leis roimh fhoilsiú Molly One Year On, dúirt an tOmbudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon:

“Nuair a d’fhoilsíomar Molly’s Case i mí Eanáir 2018, fuaireamar go raibh easpa chomhordaithe idir Tusla agus FSS, rud a chiallaíonn nach raibh seirbhísí agus tacaíochtaí leordhóthanacha á gcur ar fáil ag an dá eagraíocht sin. Ní raibh Molly á haithint ag ceachtar den dá eagraíocht mar leanbh faoi chúram agus leanbh faoi mhíchumas.

“Fuaireamar nach raibh córas maith go leor i bhfeidhm ag Tusla ná ag FSS chun tacaíochtaí leordhóthanacha a chinntiú do na leanaí soghonta seo agus dá gcúramóirí.

“Ó anuraidh, tá dul chun cinn cinnte déanta, go mór mór i gcás Molly, ach níl go leor athrú déanta i gcás na leanaí eile atá sna cúinsí céanna ná Molly laistigh den gcóras cúraim. Maidir le cúinsí áirithe Molly, tá dlúthobair déanta ag Tusla lena cúramóirí altrama chun a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí atá de dhíth uirthi i bhfeidhm. Ach is cúis imní fós an caidreamh oibre idir Tusla agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an tionchar atá aige sin ar leas leanaí faoi mhíchumas atá faoi chúram an Stáit.

Tá Tusla tar éis 483 leanbh atá faoi mhíchumas meánach nó míchumas trom agus iad faoi chúram an stáit, agus tá amlíne de phleananna cúraim leagtha amach acu agus curtha ar fáil don chuid is mó de na leanaí. Ach níl comhaontú ar bith ann le FSS gur é seo an líon leanaí atá i gceist toisc nach féidir leo teacht ar chomhthuiscint maidir le céard go díreach atá i gceist le leanbh faoi mhíchumas meánach nó míchumas trom.

“Níl bainisteoirí míchumais ag FSS chun tabhairt faoi róil bainistíochta cáis agus níor cuireadh le chéile fós an cás gnó maidir le híocaíochtaí breise a thabhairt do chúramóirí altrama leanaí faoi mhíchumas meánach nó míchumas trom, d’ainneoin an gealltanas a thug Tusla in 2018 é sin a dhéanamh.

“Cé go bhfuil roinnt dul chun cinn dearfach déanta, tá gá le tuilleadh athruithe. Mar sin, leanfaidh mé de mhonatóireacht a dhéanamh ar na fadhbanna seo le linn na bliana atá romhainn amach agus de theagmháil a dhéanamh le FSS agus Tusla.

CRÍOCH