Skip to main content

Tá tú anseo:

Beyond Limits

Beyond Limits: beidh imeacht le haghaidh leanaí agus daoine óga faoi mhíchumas ar siúl ar an 19 Deireadh Fómhair i bPáirc an Chrócaigh agus táthar ag súil go mbeidh 1,000 duine i láthair ann, idir leanaí, tuismitheoirí agus cúramóirí.

Cén áit: Páirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath

Cathain: Dé Sathairn, 19 Deireadh Fómhair 2019

Cad atá i gceist leis? Leanaí agus daoine óga faoi mhíchumas a chumasú, na deiseanna atá ann dóibh a chur ar a súile, labhairt faoi na saincheisteanna ar mhaith leo labhairt fúthu, béim a chur an ionchuimsitheacht, labhairt faoi ról na teicneolaíochta.

Cé a bheidh ann? Beidh 1,000 duine i láthair an lá sin. Táimid ag súil go mbeidh 500 duine óg ar a laghad ann, in éineacht le 500 tuismitheoir, cúramóir nó siblín nó iad siúd a oibríonn le leanaí faoi mhíchumas.

Oscailt Oifigiúil: Is é an tUachtarán Micheál D Ó hUiginn a osclóidh an t-imeacht.

Aoichainteoirí: An spreagchainteoir Mark Pollock; na lúthchleasaithe parailimpeacha Micheal McKillop agus Ellen Keane; na gníomhaithe um chearta daoine faoi mhíchumas Joanne O’Riordan, Adam Harris agus Lousie Bruton; an fuirseoir Tanyalee Davis agus an taibheoir amharclainne Mairéad Folan. Beidh píosa speisialta ó bhéal á chruthú ag Natalya O’Flaherty a chuirfidh sí i láthair ar an stáitse in éineacht le leanaí faoi mhíchumas.

Léiriú: Táimid ag obair le Ceolfhoireann Náisiúnta Óige na hÉireann chun píosa comhoibríoch a chruthú in éineacht le leanaí a bhfuil cumais éagsúla acu, lena n-áirítear Cór na Cruaiche Goirme, Dún na nGall agus Scoil Naomh Pól do Leanaí faoi Riachtanais Speisialta, Mala, Co. Chorcaí. Táimid ag obair freisin le Scoil Stáitsíochta Billie Barry chun píosa rince comhoibríoch ionchuimsitheach a chruthú.

Taispeántóirí: Beidh limistéar mór againn le haghaidh taispeántóirí lena n-áirítear léirithe ó réimse taispeantas spóirt agus teicneolaíochta. I láthair ann freisin, beidh soláthraithe oideachais, chomh maith le fostóirí a chuireann deiseanna ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas.

Seisiúin ar leithligh: Ba mhaith linn comhráite níos mionsonraithe agus lánbhrí a éascú maidir le saincheisteanna a dhéanann difear do leanaí faoi mhíchumas agus a dteaghlaigh. I measc na n-ábhar a chumhdófar, tá an teicneolaíocht, ionchuimsitheacht sa spóirt agus gníomhaíocht fhisiciúil, caidrimh, tacaíochtaí agus seirbhísí Choinbhinsiún na Náisiúin Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, aireachas agus saincheisteanna tuismitheoirí.

Comhpháirtithe: Táimid ag obair le Cluichí Oilimpeacha Speisialta Éireann a dhéanfaidh na hoibrithe deonacha don lá a chomhordú. Tá RTÉ 2FM ina chomhpháirtí freisin chun an t-imeacht agus na saincheisteanna a chuireann isteach ar leanaí faoi mhíchumas a chur chun cinn.

Toradh: Ar mhaithe leis an imeacht seo a chomhordú, chuamar i gcomhairle le daoine óga faoi mhíchumas. Is í an mhórtheachtaireacht a tháinig ó na leanaí ná nach bhfeiceann siad iad féin mar dhaoine faoi mhíchumas agus gur éagsúil an rud é an míchumas. Ní imeacht aon lae é Beyond Limits. Ba mhaith linn tús a chur le comhrá maidir leis an míchumas agus mar a théann sé i bhfeidhm ar dhaoine óga in Éirinn. Ba mhaith linn a thaispeáint do dhaoine eile conas is féidir leo leanaí faoi mhíchumas a áireamh ar an mórscála agus ba mhaith linn toradh buan a fhágáil a chuireann an ionchuimsitheacht chun cinn ar gach uile leibhéal. Ní féidir le níos mó ná 1,000 duine teacht chuig an imeacht an lá sin ach ba mhaith linn go gcuirfidh an t-imeacht seo tús le comhrá i ngach pobal maidir leis an míchumas.

Conas is féidir leat a bheith páirteach?

  • Bí ann an lá sin. Beidh ticéid ar fáil i gceann cúpla seachtaine.
  • Bíodh taispeántas agat ann – déan léiriú ar an obair atá á déanamh agat le daoine faoi mhíchumas. Dean teagmháil le beyondlimits@oco.ie.
  • Scaip an scéal!