Skip to main content

Tá tú anseo:

Treoir ar Láimhsiú Gearán Leanbhlárnach

Leagann an Treoir ar Láimhsiú Gearán Leanbhlárnach na príomhphrionsabail dea-ghnáis le gearáin déanta ag leanaí nó ar son leanaí a láimhsiú. D’fhorbraíomar an Treoir chun misneach agus tacaíocht a thabhairt d’eagraíocht a chuireann séirbhísí ar fáil do leanaí, agus a dhéanann cinntí a bhfuil tionchar acu ar leanaí, gearáin a láimhsiú de réir dea-ghnáis agus i mbealach leanbhlárnach.

Tá an t-eolas sa Treoir seo, chomh maith leis na prionsabail dea-ghnáis atá leagtha amach ann, bunaithe ar ár dtaithí forleathan le gearáin a laimhsiú agus ar léirmheas litríochta, a rinne an Clinic um Dlí Leanaí, Scoil an Dlí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ar son an OOL.  D’úsáid an léirmheas seo anailís ar chaighdeáin chearta na leanaí agus ar tionscnaimh i dtíortha eile le dea-ghnásanna i láimhsiú gearán a bhaineann le leanaí a chur chun cinn. Chomh maith leis sin bhreathnaigh an léirmheas ar staidéir idirnáisiúnta a ghlacann dearcthaí leanaí agus daoine óga i leith na próisis le gearáin a dhéanamh a raibh taithí acu orthu san áireamh thar réimse leathan éarnálacha .

Tá súil againn go mbeidh an Treoir seo  cabhrach.