Skip to main content

Tá tú anseo:

Is ár mBreatimeacht é freisin: Cearta Leanaí, Guthanna Leanaí

Is toradh comhdhála trasteorann uathúil í an tuarascáil  'Sé ár mBreatimeacht freisin, Guthanna Leanaí' í óstáilte ag Oifig Ombudsman do Leanaí agus Coimisinéir na Leanaí agus an Óige Thuaisceart Éireann. D'eagraigh Grúpa Stiúrtha trasteorann de dhaoine óga an chomhdháil seo.

Is éard atá i gceist leis an tuarascáil ná dearcaidh 120 duine óg ón dá thaobh den oileán a tháinig le céile chun tionchar an Bhreatimeachta orthu a phlé. Is achoimre í ar na cúinsí agus ar na cosaintí ar cheart dóibh ról a imirt i gcinntí maidir le hoideachas, cosaint sonraí, saoirse gluaiseachta, saol teaghlaigh agus sláinte.

Ba é grúpa stiúrtha daoine óga ó fud na hÉireann, idir thuaisceart agus deisceart a d'eagraigh an Chomhdháil san Iúir mí na Samhna seo caite agus a rinne í a stiúradh. Ghlac an Tánaiste Simon Coveney páirt sa chomhdháil trí nasc físe, agus bhí Fo-Rúnaí Stáit Parlaiminte do Thuaisceart Éireann Chloe Smyth MP, Mairéad McGuinness FPE, Jim Nicholson FPE agus oifigigh shinsearacha ón dá thaobh den oileán i láthair freisin.