Skip to main content

Tá tú anseo:  

Súgradh agus sos

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat súgradh agus sos a bheith agat.

Má fhaigheann tú go leor codlata agus má bhíonn am agat dul ag súgradh agus do scíth a ligean, cabhróidh sé leat a bheith an duine is fearr gur féidir leat a bheith.

SAMPLA: Tá sé de dhualgas ar an Rialtas a chinntiú go bhfuil áiteanna spraoi ann duit agus mar sin, tógann siad clóis súgartha agus páirceanna poiblí.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo


An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?

  • Agus tithe nua á dtógáil i mbailte agus i gcathracha, is minic a thógtar clós súgartha in aice leo.
  • Ba chóir clós agus áit spraoi a bheith i ngach scoil. Níor chóir duit a bheith ag obair an t-am ar fad agus tú ar scoil – is gá sos a fháil!
  • De réir go leor staidéar tá súgradh an-tábhachtach do leanaí. Cabhraíonn sé le forbairt sláintiúil na hinchinne agus cabhraíonn sé leat bualadh le daoine agus cairdeas a dhéanamh.
  • Tá dlíthe ann a ligeann do leanaí 14 bliana d’aois agus os a chionn post páirtaimseartha a bheith acu, ach níl i gceist ach cúpla uair a chloig sa tseachtain. Cinntíonn an dlí sin go mbíonn go leor am scíthe acu.

  • Sláinte Leanaí – Tuilleadh eolais maidir le cé chomh tábhachtach is atá sé codladh a fháil
  • Gasóga –An bhfuil suim agat dul sna Gasóga?
  • Banóglaigh – An bhfuil suim agat dul sna banóglaigh?
  • Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann – Tuilleadh eolais maidir le gníomhaíochtaí agus seirbhísí Chumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann le haghaidh daoine óga faoi mhíchumas.
  • Cluichí Pobail – Féach ar ghníomhaíochtaí agus imeachtaí éagsúla a bhaineann leis na Cluichí Pobail.