Tá tú anseo:
An Teaghlach agus Cúram
Cad atá i gceist leis seo?

Mura bhfuil tú in ann cónaí le do theaghlach, ba chóir duit fanacht le teaghlach atá in ann cúram a dhéanamh díot, amhail teaghlach cúraim altrama.
Tá sé de cheart agat cónaí le do thuismitheoir(í), mura ndéanfaidh sé sin dochar duit.
Má tá cónaí ar do theaghlach i dtír eile, ba chóir duit a bheith in ann fanacht i dteagmháil agus teacht le chéile, nuair is féidir.
SAMPLA: Seachas do theaghlach, tá go leor daoine i do shaol a dhéanann cúram díot, amhail altraí, cóitseálaithe spóirt, múinteoirí agus oibrithe sóisialta.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo
An bhfuil an ceart seo agam in Éirinn?
- Tá sé de chúram ar do thuismitheoir nó ar do chaomhnóir aire a thabhairt duit agus cabhrú leat a bheith chomh hiontach agus is féidir leat a bheith mar dhuine. Tá sé de chúram ar an Rialtais cabhrú le do thuismitheoirí é sin a dhéanamh.
- De réir Bhunreacht na hÉireann, is é an Teaghlach is múinteoir príomha dúchasach don leanbh. Ba chóir foghlaim ó do theaghlach an difear idir ceart agus éigeart agus ba chóir a bheith in ann forbairt mar dhaoine faoina gcúram.
- Leagtar amach i ndlíthe na hÉireann, amhail an tAcht um Chúram Leanaí, an méid is ceart a dhéanamh mura bhfuil do theaghlach in ann cúram a dhéanamh díot. Deirtear ann gur chóir don Stát cúram a dhéanamh díot, mar a dhéantar i gcás cúraim altrama.
- Is é Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, atá freagrach as cúram a dhéanamh de leanaí atá i gcineálacha éagsúla cúraim altrama in Éirinn.
- Má tá tú tar éis tréimhse 18 mhí a chaitheamh le teaghlach cúraim altrama, is féidir leo tú a uchtáil, má tá tusa sásta leis sin.
Tuilleadh eolais
- EPIC – Faigh amach conas a oibríonn EPIC le daoine óga agus ar son daoine óga in Éirinn
- Barnardos – Eolas le haghaidh daoine óga atá idirscaradh nó colscaradh á fháil ag a dtuismitheoirí
- You Are Not Alone – Is gearrscannán é seo de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí a thugann eolas do dhaoine óga maidir le cuid de na roghanna atá ag tuismitheoirí nuair a scarann siad óna chéile. (e.g. idirghabháil teaghlaigh nó dul chun na cúirte).