Skip to main content

Tá tú anseo:  

Súgradh agus sos

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat súgradh agus sos a fháil atá oiriúnach do d’aois.

Ba chóir don Rialtas é a dhéanamh éasca duit súgradh a dhéanamh agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cultúrtha.

SAMPLA: Bíonn sosanna agat i rith an lae scoile, ní bhíonn ceachtanna agat an lá ar fad.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo

  • De réir Airteagal 31 de CNACL, tá sé de cheart agat súgradh agus sos a fháil.
  • Faoin Acht um Cheartas Coiriúil 2006, tá sé de cheart agat caidreamh sóisialta a bheith agat i do chomharsanacht, chomh fada nach bhfuil ciapadh ná dochar á dhéanamh do dhaoine eile ná eagla á cothú iontu.
  • Faoin Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht)1996, tá sé de cheart agat post páirtaimseartha a bheith agat má tá tú 14 bliana d’aois nó os a chionn. Tá sé de cheart agat sos a thógáil ag brath ar líon na n-uaireannta oibre atá curtha isteach agat.