Skip to main content

Tá tú anseo:  

Oideachas

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

Tá sé de cheart agat oideachas ardchaighdeáin a fháil.

In Éirinn, is féidir an scoil a fhágáil ag 16 bliana d’aois nó i ndiaidh 3 bliana den mheánscoil a chur i gcrích.

SAMPLA: Ní féidir le formhór na scoileanna in Éirinn áiteanna sa scoil a thabhairt do leanaí bunaithe ar chúrsaí creidimh a thuilleadh. Tá sé de cheart agat freastal ar do rogha scoil.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo

  • CNACL, Airteagal 11 – tá sé de cheart agat oideachas agus cúram speisialta a fháil má tá tú faoi mhíchumas, chomh maith leis na ceart ar fad sa Choinbhinsiún seo, ionas gur féidir saol iomlán a bheith agat.
  • CNACL, Airteagal 28 – tá sé de cheart agat oideachas ardchaighdeáin a fháil. Ba chóir go spreagfaí tú freastal ar scoil agus an leibhéal is airde oideachais agus is féidir a bhaint amach.”
  • CNACL, Airteagal 29 – tá sé de cheart agat go gcabhróidh d’oideachas leat leas a bhaint as do bhuanna agus do chumais. B chóir go gcabhróidh sé leat maireachtáil go síochánta, an comhshaol a chosaint agus meas a léiriú ar dhaoine eile.
  • Faoi Airteagal 42 de Bhunreacht na hÉireann, tá sé de cheart agat bunoideachas saor in aisce a rochtain.
  • Faoin Acht Oideachais (Leas), 2000, tá sé de cheart agat an t-oideachas Stáit a fhágáil ag 16 bliana d’aois, nó nuair a bheidh trí bliana den mheánscoil curtha i gcrích agat.
  • Faoin Acht Oideachais 1998, tá sé de cheart agat Comhairle Mac Léinn a bhunú i do mheánscoil agus tacaíocht a fháil ón scoil é sin a dhéanamh.
  • Faoin Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu, 2004, tá sé de cheart agat fanacht i scoil phríomhshrutha, nuair is féidir, má tá riachtanas speisialta oideachais agat.
  • Faoin Acht Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna), 2018, tá sé de cheart agat freastal ar scoil ar bith, beag beann ar do chreideamh, nó easpa creidimh, ach amháin i gcúinsí sonracha.