Skip to main content

Tá tú anseo:  

Eolas Fúinn

Déanann an OOL imscrúdú ar ghearáin faoi na seirbhísí atá curtha ar fáil do leanaí le heagraíochta phoiblí. Is seirbhís saor agus neamhspleách é.

Is institiúid í Oifig an Ombudsman do Leanaí (OOL) a chuireann chun cinn cearta agus leasa daoine óga faoi 18 mbliana d’aois a bhfuil cónaí orthu in Éirinn.

Ár Stair

Chomh fada siar is 1996, chuir a lán daoine tiomanta a raibh suim acu i chearta leanai brú ar an Rialtas chun Ombudsman do Leanaí in Éirinn a cheapadh.

I 2002, d’aontaigh an Dáil agus an Seanad ar an tAcht ombudsman do Leanaí a leagann síos ról agus cumhachtaí na hOifige seo.  Is ceapachán uachtaráin é Ombudsman na Leanaí a tuairiscíonn díreach don Oireachtas.

I dtús bunaíodh Oifigí Ombudsman do Leanaí chun gearáin i gcoinne eagraíochtaí phoiblí a fhiosrú ar bhonn neamhspleách.  I ndiaidh Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh i 1989 áfach, thosaigh Oifigí Ombudsman na Leanaí ag obair go dian chun chearta leanaí a chuir chun cinn.

Cheapadh Emily Logan mar an chéad Ombudsman do Leanaí in Éirinn i Márta 2004.  Athcheapadh Emily don dara tréimhse sé bliana i Nollaig 2009.  Cheapadh Dr Niall Muldoon mar Ombudsman do Leanaí i Feabhra 2015 ag Uachtarán Michael  D. Higgins.