Skip to main content

You are here:  

Cainteanna Leanaí 2022

Imeacht bliantúil is ea Cainteanna Leanaí a chomóradh Lá Domhanda na Leanaí.

Cainteanna Leanaí 2022

Is é atá i gceist le Cainteanna Leanaí ná ár n-imeacht speisialta a dhéanann Lá Domhanda na Leanaí a chomóradh.

Imeacht bliantúil ó Oifig an Ombudsman do Leanaí is ea Cainteanna Leanaí chun Lá Domhanda na Leanaí a chomóradh ina gcloistear ó leanaí agus daoine óga go díreach faoi na saincheisteanna atá tábhachtach dóibh.

Tugann Cainteanna Leanaí ardán do leanaí a dtuairimí agus a n-eirpéiris a roinnt ar shaincheisteanna atá tábhachtach dóibh. Arna spreagadh ag an láthair, Teach Laighean, ba é téama imeacht na bliana seo ná ‘Dá mbeinn i mo Thaoiseach ar feadh lae…’.

Labhair ár gcainteoirí idir 11 agus 17 mbliana d’aois ar réimse ábhar, lena n-áirítear easpa dídine, athchóiriú oideachais, tacaíochtaí uathachais, inrochtaineacht, iompar tuaithe, cumhachtú na mban, an Ghaeilge agus éisteacht le leanaí.

Is féidir leat a chloisteáil cad a bhí le rá acu thíos.

Íoslódáil ár mbileog gníomhaíochta anseo:

Cuardach Focal (PDF) Cuardach Focal (PDF)

Ár gcainteoirí:

#ChildTalks2022 #WorldChildrensDay

Aisling Murphy

Labhair Aisling faoin gcóras oideachais agus faoin gcinneadh a rinne sí PLC a dhéanamh in ionad na hArdteistiméireachta.

Molly McNulty

Labhair Molly faoina heispéireas a bheith gan dídean faoi dhó agus na hathruithe a theastaíonn uaithi a fheiceáil maidir le tithíocht a sholáthar do chách.

Mohammad Naeem

Labhair Mohammad ag Cainteanna Leanaí 2022 faoin tábhacht a bhaineann le daoine óga a nguthanna a úsáid san ghníomhaíochas.

Sam Brooks

D’inis Sam dúinn go léir faoi iompar poiblí i gceantair thuaithe agus faoin tionchar a bhí aige sin ar a chinntí coláiste.

Misneach

Is grúpa de sheisear amhránaí is scríbhneoir déagóra as Corcaigh idir 15 agus 18 mbliana d’aois iad Misneach atá ag scríobh amhráin ó 2018 i leith.

Scríobhann siad faoi chumhachtú agus ag glacadh bród as a mbanúlacht. Is é an sprioc atá acu ná mná óga a spreagadh le bheith leo féin agus oideachas a chur ar an bpobal faoi na dúshláin atá rompu.

Cara Darmody

Labhair Cara ag Cainteanna Leanaí 2022 faoina cuid oibre chun feasacht a ardú faoin easpa seirbhísí uathachais atá ar fáil dá deartháireacha agus do liostaí feithimh FSS.

Sophia Mulvany

Is úsáideoir cathaoir rothaí í Sophia a d’inis dúinn faoi na dúshláin atá le sárú aici ar iompar poiblí agus faoin gcaoi a dteastaíonn rochtain uaithi do chách.

Eimear Nic Dhonnchadha

Is cainteoir Gaeilge í Eimear a d’inis dúinn go léir faoin ngrá atá aici don Ghaeilge agus faoin gcaoi ar mhaith léi go múinfí an teanga sna scoileanna lena chinntiú go ndéanfaí í a athbheochan.