You are here:
Bíodh do chearta ar eolas agat
7-12
years
old
Cad a chiallaíonn sé seo?
Deir an CNACL go bhfuil sé de cheart agat eolas a fháil faoi do chearta.

Ba chóir do dhaoine fásta ar nós tuismitheoirí agus múinteoirí cabhrú leat foghlaim faoi do chearta ar bhealach atá éasca duit a thuiscint.

D’fhéadfadh sé go mbeadh cabhair bhreise ag teastáil ó roinnt leanaí chun foghlaim faoina gcearta – mar shampla má tá siad faoi mhíchumas nó murab é an Béarla a gcéad teanga.

Scéal Andriy
Tháinig mé go hÉirinn le mo theaghlach nuair a thosaigh an cogadh san Úcráin toisc nach raibh sé sábháilte dúinn fanacht inár dtír.
Nuair a tháinig mé, níor labhair mé mórán Béarla ach bhí an fhoireann inár gcóiríocht an-chabhrach. Thug siad bileog dom agus do mo dheirfiúr san Úcráinis inar míníodh ár gcearta go léir in Éirinn. Tá go leor póstaer in Úcráinis inár seomra cluichí freisin ag insint dúinn faoinár gcearta.
Mar gheall air seo, tá a fhios agam anois faoi mo chearta éagsúla uile – amhail cosaint ar chogadh, ar oideachas agus ar chúram sláinte
An raibh a fhios agat?
Ceann de phríomhphoist Oifig an Ombudsman do Leanaí is ea a chinntiú go bhfuil leanaí in Éirinn ar an eolas faoina gcearta ar bhealach atá spraíúil agus éasca le tuiscint!
Reáchtálaimid ceardlanna saor in aisce do scoileanna agus do ghrúpaí óige inar féidir le leanaí de gach aois foghlaim faoina gcearta.
Tá sé de fhreagracht ar rialtais i ngach tír ar fud an domhain a chinntiú go bhfuil leanaí agus daoine fásta ar an eolas faoin CNACL. Is féidir leo é seo a dhéanamh trí fheachtais a reáchtáil nó a chinntiú go bhfoghlaimíonn leanaí faoi ar scoil.
Ní mór do dhaoine fásta go leor cinntí a dhéanamh do leanaí gach lá mar sin tá sé thar a bheith tábhachtach go dtuigeann siad cearta leanaí freisin.
An féidir leat smaoineamh ar aon phost inar cheart do dhaoine fásta a bheith ar an eolas faoi chearta leanaí?
Faigh amach cad is féidir leat a dhéanamh mura bhfuil do chearta á gcomhlíonadh.

Rights
that help you grow
Ag forbairt do thallann agus do chumais
Bíodh do chearta ar eolas agat
Eolas a fháil
Oideachas
Súgradh agus sos
Teanga, cultúr agus reiligiún
Tú féin a chur in iúl
Find out
about your rights!
7-12 years old
13-17 years old