Skip to main content

You are here:  

An Tuarascáil

Ina bhfuil scríbhinní, líníochtaí, agus sleachta ón suirbhé agus dírítear ar phríomhthéamaí an oideachais, seirbhísí a thacaíonn le leanaí, comhionannas agus leithcheal, pobal agus fóillíocht, guth leanaí agus leanaí a bhfuil cosaintí speisialta de dhíth orthu.

Íoslódáil an tuarascáil

Is é Píosaí Dúinn Tuarascáil Leanaí na hÉireann do Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Ba iad Oifig an Ombudsman do Leanaí agus a Painéal Comhairleach Óige (YAP) a chuir ar fáil é, le tacaíocht ó raon leathan eagraíochtaí. Tá tuairimí, eispéireis agus guthanna os cionn 5,700 páiste ó cheann ceann na hÉireann sa tuarascáil. Cuireann Píosaí Dúinn saol na leanaí in Éirinn i láthair in 2021-2022.