Skip to main content

You are here:  

Eolas Fúinn

Déanann an OCO imscrúdú ar ghearáin faoi sheirbhísí a chuireann eagraíochtaí poiblí ar fáil do leanaí. Tá an tseirbhís saor in aisce.

Ár ról agus ár sainchúram

Is eagraíocht neamhspleách um chearta an duine í Oifig an Ombudsman do Leanaí (OCO) a bunaíodh in 2004 faoin Acht um Ombudsman do Leanaí, 2002.

  • to deal with complaints made by or for children and young people about the actions of public organisations. This service is free and independent; and 
  • cearta agus leas leanaí agus daoine óga faoi 18 mbliana d’aois atá ina gcónaí in Éirinn a chur chun cinn.

Cuirimid comhairle ar an rialtas ag céimeanna luatha d’fhorbairt beartais agus dlí agus le linn an phróisis reachtaigh. 

Is féidir leis na hAirí ár gcomhairle a iarraidh ar aon ábhar a bhaineann le cearta agus leas leanaí. Cumhdaítear an méid sin faoi alt 7(4) den Acht um Ombudsman do Leanaí, 2002. 

Cuireann an OCO i dtábhacht freisin ábhair imní maidir le cearta leanaí in Éirinn.

Mar chomhlacht reachtúil neamhspleách, tá ár nOifig freagrach go díreach don Oireachtas as feidhmiú a feidhmeanna reachtúla faoi Acht 2002.

Ár bhFís

Tá a gcearta á n-urramú, á gcosaint agus á gcomhlíonadh ag gach leanbh in Éirinn de réir Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

All children are aware of their rights and those rights are central to government decision making.

Bainfidh an OCO úsáid as a chumhachtaí sa chaoi go mbainfidh gach leanbh barr a gcumais amach.

Ár Luachanna

Seo iad na rudaí a spreagann muid mar fhoireann agus a mhúnlaíonn cé muid féin:

  • Meas – tiomantas chun cineáltas agus meas a léiriú do gach duine a mbímid i dteagmháil leo agus chun tacú le lucht saothair éagsúil, cuimsitheach agus comhionann.
  • Sláine –  gealltanas oibriú le macántacht agus trédhearcacht i gcónaí
  • Neamhspleáchas –  tiomantas chun ár neamhspleáchas a chothú agus a chosaint i gcónaí
  • Misneach – an oscailteacht chun cearta leanaí a chur chun cinn go diongbháilte
  • Cothromaíocht – gealltanas go n-oibreoimid go cothrom i gcónaí agus muid ag déileáil leis an bhfoireann, le leanaí, le gearánaigh agus le gníomhaireachtaí poiblí.
  • Spraoi/Áthas – cinneadh spraoi a chumasú agus a spreagadh laistigh den timpeallacht oibre

Plean Straitéiseach Oifig an Ombudsman do Leanaí 2025-2027: Ár dTreo Chun Cinn

Leagtar amach sa straitéis seo ár gcuspóirí sa dá bhliain atá romhainn agus is freagairt í ar thírdhreach sochpholaitiúil agus eacnamaíoch atá ag athrú go tapa. 

Aithnítear léi an dul chun cinn atá déanta maidir le cearta leanaí, mar aon leis an marbhántacht agus an cúlú i réimsí áirithe. 

Leagtar amach in Ár dTreo Chun Cinn uaillmhianta Oifig an Ombudsman do Leanaí i gcomhthéacs na gcostas maireachtála atá ag dul i méid, ganntanas tithíochta, athruithe polaitiúla, agus éiginnteacht dhomhanda, ar rudaí iad sin a chuireann cearta leanaí i mbaol.

Ár Stair

Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (CRC) in 1992. In 1998, mhol Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh go mbunódh Éire comhlacht neamhspleách chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar chearta leanaí. I ndiaidh iarrachtaí ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ó abhcóidí chearta leanaí chun oifig den sórt sin a bhunú, gheall an Rialtas Ombudsman do Leanaí a bhunú.

Shínigh an tUachtarán an tAcht um Ombudsman do Leanaí, 2002 ina dhlí in 2002 agus tháinig sé i bhfeidhm i mí Aibreáin 2004, lenar bunaíodh Oifig an Ombudsman do Leanaí (OCO) in Éirinn. Tá an tOmbudsman do Leanaí neamhspleách ar an Rialtas agus freagrach don Oireachtas.

Ceapadh an tUachtarán Emily Logan ina céad Ombudsman do Leanaí in Éirinn i mí an Mhárta 2004. Is é an Dr Niall Muldoon Ombudsman reatha na hÉireann do Leanaí. Cheap an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Niall ina Ombudsman do Leanaí i mí Feabhra 2015 agus ceapadh é don dara téarma 6 bliana i mí Feabhra 2021.