Skip to main content

Tá tú anseo:

Díriú ar Iompar Scoile

Tá an ceart ag gach leanbh in Éirinn oideachas a fháil agus is minic a bhíonn fáil ar iompar chuig an scoil an-tábhachtach chun an ceart sin a fheidhmiú.

Sa tuarascáil seo, Díriú ar Iompar Scoile, fiosraímid saincheist an iompair scoile mar shaincheist um chearta leanaí. Tugaimid cuntas, chomh maith, ar roinnt cásanna a scrúdaigh Oifig an Ombudsman do Leanaí (an OOL) sa chás nár tugadh faoi riar na Scéime Iompar Scoile do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a eascraíonn as míchumas diagnóisithe ar bhealach a thacaigh le sárleasanna na leanaí a bhí i gceist.

Saincheist thábhachtach is ea iompar scoile a sholáthar lena chur ar chumas leanaí an ceart atá acu chun oideachas a fháil a fheidhmiú agus saincheist atá ann a dhéanann difear do na mílte teaghlach ar fud a hÉireann. Tá sé ríthábhachtach go mbíonn an scéim seo cothrom agus cóir, agus go mbíonn sí solúbtha a dhóthain i dtaobh riachtanais ar leith leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu. Tugann Díriú ar Iompar Scoile an deis dúinn chun súil a chaitheamh ar roinnt cásanna sonracha agus ar na bearta ar leith a chreidimid a chuirfeadh feabhas ar scéimeanna iompar scoile.