Skip to main content

Tá tú anseo:

Athbhreithniú ar an mBeartas Náisiúnta um Chúram a Fhágáil agus Iarchúram 2011

Rinne an OOL aighneacht ar an athbhreithniú a rinneadh ar Cháipéis Náisiúnta Bheartais agus Nós Imeachta FSS um Sholáthar Seirbhíse Iarchúraim i Samhain 2016.

Chuir an OOL fáilte roimh an deis chun an aighneacht seo a dhéanamh agus bhain sé leas as an taithí atá aige de bheith ag déileáil le gearáin maidir le saincheisteanna a bhaineann le cúram a fhágáil agus soláthar iarchúram nuair a bhí an aighneacht seo á comhlánú aige. Áiríodh leis na gearáin seo saincheisteanna a bhaineann le: moilleanna ar phleanáil iarchúraim; pleanáil neamhleor, go ginearálta; easpa soláthair a dhéanamh ar thacaíocht iarchúraim; agus neamh-chomhsheasmhacht agus réimse fairsing de sholáthar seirbhíse iarchúraim go náisiúnta.

Sholáthair an OOL faisnéis faoi, agus rinne sé moltaí sna limistéir seo a leanas: Cur chuige bunaithe ar chearta i leith an Bheartais Náisiúnta um Chúram a Fhágáil agus Iarchúram; Soláthar Seirbhísí agus Tacaíochtaí Iarchúraim; Incháilitheacht do Sheirbhísí; Measúnú Riachtanas; Ullmhú chun Cúram a Fhágáil agus an Plean Iarchúraim; Rochtain a fháil ar Sheirbhísí agus Tacaíochtaí; Comhoibriú Idirghníomhaireachta; agus Monatóireacht agus Measúnú.