Skip to main content

Tá tú anseo:

Tuarascáil le Coiste na NA um Chearta an Linbh ar an scrúdú a rinneadh ar Dara Tuarascáil na hÉireann leis an gCoiste

Ina Bhreathnóireacht Deiridh ar Thuarascáil Tosaigh na hÉireann, a foilsíodh i 1998, rinne Coiste na NA um Chearta an Linbh 17 moladh shubstainteacha a d’iarr ar athruithe a dhéanamh ar an dlí, beartas agus/nó cleachtas sa Stát.

Ón tráth sin i leith, rinne an Stát dul chun cinn suntasach i roinnt de na moltaí seo a chur i bhfeidhm, tríd an gcéad Straitéis Náisiúnta Leanaí a fhorbairt, an Oifig Náisiúnta Leanaí a bhunú, agus Oifig an Aire Leanaí a bhunú, ina dhiaidh sin; táscairí folláine linbh a fhorbairt, agus meicníocht monatóireachta neamhspleách a bhunú, arb é sin an tOmbudsman do Leanaí. Tá go leor le déanamh go fóill, áfach, chun dul i ngleic go hiomlán leis na buarthaí a léirigh an Coiste i 1998. Go deimhin, ina thuarascáil, d’aithin an Stát ‘bealach nua chun oibriú is ea leanaí a chur i gcroílár an bheartais agus an chleachtais agus tá luathchéim forbartha bainte amach aige’.

Sa tuarascáil seo, a cuireadh faoi bhráid an Choiste i gcomhthéacs an scrúdaithe a rinneadh ar Dara Tuarascáil na hÉireann leis an gCoiste, déanaimid machnamh ar an dul chun cinn a rinneadh ó 1998 ar aghaidh, ar shaincheisteanna nua agus ar bhuarthaí nár réitíodh go dtí seo.