Skip to main content

Tá tú anseo:

Tuarascáil leis an Ombudsman do Leanaí ar oibriú Acht an Ombudsman do Leanaí, 2002

Bhí Oifig an Ombudsman do Leanaí go hiomlán oibríochtúil ar feadh beagnach 8 mbliana agus i gcaitheamh an ama sin, bhí an deis againn machnamh a dhéanamh ar ghnéithe Acht 2002 a fheidhmíonn go maith agus iad siúd a bhainfeadh tairbhe as barrfheabhsú nó leasú.

Tugadh chun solais arís agus arís eile i dtuarascálacha bliantúla an Ombudsman do Leanaí leis an Oireachtas roinnt easnamh in Acht 2002, go háirithe maidir le sainchúram imscrúdaithe na hOifige. Anuas ar na buarthaí fadmharthanacha seo a lua arís, leagtar amach sa tuarascáil seo roinnt gnéithe breise d’Acht 2002 a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as leasú.