Skip to main content

Tá tú anseo:

Tuarascáil leis an Oireachtas ar an mBille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2007

In óráid an 3 Samhain, 2006, d’fhógair an Taoiseach go raibh sé ar intinn aige reifreann a chur ar siúl ar chearta leanaí agus gur iarr sé ar an Aire Leanaí, Brian Lenihan, tús a chur le próiseas comhairliúcháin agus plé le páirtithe eile na Dála agus le gach grúpa ábhartha ar spéis leo.

Leagtar amach sa tuarascáil seo dearcthaí an OOL faoin mBille i gcomhthéacs na comhairle a sholáthraíomar don Rialtas faoin gceist seo an 22 Nollaig 2006. Cuireadh an tuarascáil seo faoi bhráid an Oireachtais de bhreis ar Alt 13(7) d’Acht an Ombudsman do Leanaí, 2002, a dhéanann foráil do thuarascálacha ócáideacha a chur faoi bhráid an Oireachtais.