Skip to main content

Tá tú anseo:

Straitéis Oifig an Ombudsman do Leanaí 2011-2016

Tá dualgas ar an Ombudsman do Leanaí úsáid a bhaint as a meascán uathúil d’fheidhmeanna reachtúla chun cumhacht a athchothromú d’fhonn go léirítear meas ar ghlórtha, cearta agus leasanna leanaí i dtimpeallacht athraitheach. Ciallaíonn seo go gcuirfidh an tOmbudsman do Leanaí tús le gníomhaíocht chun cearta leanaí a chosaint i limistéir nua agus atá ag teacht chun cinn de réir mar a thagann athrú ar an tsochaí amach anseo.

Buntacaíonn na croíluachanna seo a leanas le gach gníomhaíocht de chuid an OOL: bheith tiomanta do chearta leanaí a chur chun cinn; bheith tiomanta d’idirchaidreamh cuiditheach le daoine eile; neamhspleáchas agus neamhchlaontacht; eispéireas féin leanaí agus a mbuarthaí, inrochtaineacht agus freagrúlacht a thabhairt chun solais.