Skip to main content

Tá tú anseo:

Breathnóireacht ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Chosaint Sonraí, 2017

Foilsíodh Scéim Ghinearálta an Bhille um Chosaint Sonraí, 2017 (‘Scéim Ghinearálta’) an 12 Bealtaine 2017. Is iad aidhmeanna luaite na reachtaíochta seo: breis éifeachta a bhronnadh ar an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS), a thiocfaidh i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018.

D’ullmhaíomar an aighneacht seo mar fhreagairt do chuireadh ó Chomhchoiste an Oireachtais um Cheartas agus Comhionannas agus de bhun Alt 7(4) d’Acht an Ombudsman do Leanaí, 2002 (arna leasú), a fhoráiltear go gcuireann an tOmbudsman do Leanaí comhairle ar aon cheist a bhaineann le cearta agus leas leanaí, tograí ina measc le haghaidh reachtaíochta a imríonn tionchar ar leanaí.

Cuirimid fáilte roimh fhoilsiú Scéim Ghinearálta an Bhille um Chosaint Sonraí, 2017 agus an deis a chuireann sé ar fáil chun cosaint agus comhlíonadh cearta leanaí a threisiú faoi aois 18 mbliana maidir le seirbhísí faisnéise don tsochaí.