Skip to main content

Tá tú anseo:

Meabhrán Tuisceana (MT) idir an tOmbudsman agus an tOmbudsman do Leanaí

Tiocfaidh cásanna aníos, áfach, ina ndearna nó ina bhféadfadh go ndearna gníomh a rinne comhlacht poiblí drochthionchar a imirt ar leanbh agus duine fásta araon. Soláthraítear sa MT seo an bonn le haghaidh comhoibriú barrfheabhsaithe chun dul i ngleic le agus déileáil leis na cásanna siúd go cuí. Cuireann sé leis an idirchaidreamh agus comhairliúcháin faoi ghearáin a rinneadh cheana féin idir an dá Oifig ar bhonn neamhfhoirmiúil. D’iontráil an bheirt Ombudsman isteach sa MT seo d’fhonn a gcomhthiomantas chun oibriú le chéile a éifeachtaí agus is féidir ar mhaithe le leas an phobail a chur chun cinn níos mó.