Skip to main content

Tá tú anseo:

Rannpháirtíocht Leanaí Maidir le Déanamh Cinntí

Tá sé de cheart ag leanaí a dtuairimí a chur in iúl agus go gcuirfear na tuairimí sin san áireamh, de réir a n-aoise agus a dtuisceana. Tá an fhreagracht ar chomhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí a oibríonn le leanaí meas a bheith acu ar an gceart sin. Ach tá seans gur scáfar an tasc é sin d’eagraíochtaí nár thug páirt do leanaí ina bpróisis déanta cinntí roimhe seo.

Tá sé de dhualgas ar Oifig an Ombudsman do Leanaí, faoin Acht um Ombudsman do Leanaí 2002, éisteacht le tuairimí na leanaí agus aird a tharraingt ar na rudaí a chuireann as dóibh. Ó 2004 ar aghaidh chuir an Oifig ceart na leanaí éisteacht a fháil chun cinn agus chuir siad deiseanna ar fáil do leanaí a dtuairimí a chur in iúl dúinn agus don rialtas, ranna, gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí a dhéanann cinntí faoi dhlíthe, polasaithe, seirbhísí agus cleachtais a théann i bhfeidhm orthu. Déanaimid é seo ar roinnt bealaí, lena n-áirítear suirbhéanna, tionscadail thiomnaithe a thugann leanaí a dtéann na saincheisteanna seo i bhfeidhm orthu le chéile lena dtuairimí agus ábhair imní a roinnt, chomh maith le bheith ag éisteacht le leanaí mar chuid dár bpróiseas déanta gearán.

Trí leas a bhaint as an taithí atá againn maidir le rannpháirtíocht leanaí, leagtar amach sna treoirlínte seo roinnt de na rudaí tábhachtacha le cur san áireamh nuair a dhéantar iarracht tuairimí leanaí a fháil. Cuireann na treoirlínte méar eolais ar fáil maidir leis na hacmhainní breise atá ar fáil le haghaidh tuilleadh eolais a fháil.

Tá súil againn go gcuirfidh an treoir seo comhairle úsáideach ar fáil duit agus go dtacóidh sé leat tús a chur leis an turas an-fhiúntach i dtreo leanaí agus daoine óga a chur san áireamh sa phróiseas déanta cinntí i d’eagraíocht.