Skip to main content

Tá tú anseo:

Leanaí gan dídean ar feadh dhá bhliain i ndiaidh dóibh bheith thíos le drochíde sa teaghlach

Cuirtear sonraí faoi imscrúdú faoinar thugamar ar fáil sa tuarascáil seo ar ghearán a rinneadh linn i nDeireadh Fómhair 2014. Fuaireamar an gearán seo ó thuismitheoir thar ceann a leanaí. Dúirt sí linn gur fhág sí féin agus na leanaí a mbaile mar gheall ar fhoréigean baile agus gur fhan siad beagnach dhá bhliain chun cóiríocht a fháil. D’fhan siad i dtearmann ban ar feadh trí mhí agus i gcóiríocht éigeandála ar feadh bliain go leith. Thug sí le fios nach raibh sí sásta leis an bhfad ama a bhí í féin agus a leanaí i gcóiríocht éigeandála ná le caighdeán na cóiríochta a soláthraíodh. Bhí trí chomhlacht phoiblí bainteach:

  1. Comhairle Contae Fhine Gall (CCFG): tá an t-údarás áitiúil seo freagrach as tacaíocht tithíochta sóisialta a sholáthar do dhaoine nach féidir leo é a sholáthar dóibh féin.
  2. Aonad na bPobal Nua (APN): Bhunaigh na boird sláinte an t-aonad seo go déanach sna 1990idí chun freastal ar dhaoine a bhí ag fágáil an chórais soláthair dhírigh. Is é a phríomhfheidhm a chinntiú go mbronntar sochair leasa shóisialaigh ar aon duine atá i dteideal iad a fháil. Ghlac an Roinn Coimirce Sóisialaí le freagracht as APN in 2011.
  3. Feidhmeannacht Tithíochta Réigiúnach Bhaile Átha Cliath (FTRBÁC): Bunaíodh FTRBÁC in 2011 agus tháinig sé in ionad na Gníomhaireachta do Dhaoine gan Dídean. Is é an t-údarás ceannais reachtúil le haghaidh easpa dídine i mBaile Átha Cliath agus glacann sé le cur cur chuige seirbhíse comhroinnte i measc na gceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath - Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus CCFG.