Skip to main content

Tá tú anseo:

Comhairle ar an mBille um Páirtnéireacht Shibhialta, 2009

D’fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí an Bille um Páirtnéireacht Shibhialta, 2009 an 26 Meitheamh 2009. Is é aidhm an Bhille scéim um chlárúchán sibhialta páirtnéireachta sibhialta a bhunú do lánúineacha comhghnéis agus chun foráil a dhéanamh do chearta agus oibleagáidí comháitritheoirí nach den ghnéas céanna iad agus comháitritheoirí comhghnéis.

Cé go dtéitear i ngleic sa Bhille um Páirtnéireacht Shibhialta, 2009 le sonraí suntasacha, cearta agus oibleagáidí páirtnéirí sibhialta agus comháitritheoirí maidir lena chéile, ní théitear i ngleic go leordhóthanach le cearta agus riachtanais leanaí. Is soiléir go ndearnadh breithniú fadálach ar chás leanaí nuair a bhí Bille á dhréachtú; ní soiléir cén fáth gur eascair Bille as seo nár tugadh tús áite ann do chearta agus leasanna leanaí. Cé go gcuirfidh achtú an Bhille um Páirtnéireacht Shibhialta feabhas suntasach ar chás lánúineacha comhghnéis, is beag athrú a thiocfaidh ar chás leanaí a bhfuil tuismitheoirí comhghnéis acu ó staid na gcúrsaí faoi mar atá siad faoi láthair.

Beidh fíor-iarmhairtí ag cosaintí daingne do leanaí le páirtnéirí sibhialta a fhágáil ar lár i dtaobh na ndaoine óga atá i gceist agus téann sé chun sochair dóibh go léirítear agus go bhforáiltear sa dlí réaltacht a saoil.