Skip to main content

Tá tú anseo:  

Gach duine éagsúil, gach duine ar chomhchéim

Éist Cluiche

Cad atá i gceist leis seo?

“Tá cearta ag leanaí uile: beag beann ar cé hiad, cá bhfuil siad ina gcónaí, gairm bheatha a dtuismitheoirí, an teanga a labhraíonn siad, cúrsaí creidimh, cibé acu an buachaillí nó cailíní iad, a gcultúr, cibé acu an bhfuil siad faoi mhíchumas nó nach bhfuil, cibé acu an bhfuil siad aerach nó díreach, nó cibé acu an bhfuil siad saibhir nó bocht.”

Tá sé de cheart ag leanaí uile go gcaitear go cothrom agus go féaráilte leo.

SAMPLA: Ní cheadaítear a thuilleadh d’fhormhór scoileanna áiteanna a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar chúrsaí creidimh.

Foghlaim tuilleadh faoin gceart seo

  • Faoin Acht um Stádas Comhionann 2000 in Éirinn, tá sé de cheart agat go gcaitear go cothrom leat. Ní féidir go gcaitear ar bhealach difriúil leat ná go ndéantar idirdhealú i do choinne ar na cúiseanna seo a leanas: inscne; stádas sibhialta (pósta/singil/páirtnéireacht shibhialta), stádas teaghlaigh, aois, creideamh, míchumas, gnéaschlaonadh, cine/cúlra eitneach/náisiúntacht, ballraíocht de phobal na dTaistealaithe.
  • Faoin Acht Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna), 2018, tá sé de cheart agat nach féidir le formhór na scoileanna in Éirinn a dhiúltú tú a ligean isteach ina scoil, chomh fada agus a bhfuil spás ann, bunaithe ar do chreideamh nó easpa creidimh.
  • Faoi Bhunreacht na hÉireann, is ceann de do chearta bunúsacha go gcaitear go féaráilte agus go cothrom leat os comhair an dlí.