Skip to main content

Tá tú anseo:  

Meoin na ndaoine óga

Cuid dár ról is ea éisteacht agus dul i gcomhairle le leanaí agus daoine óga faoi shaincheisteanna a bhaineann leo. Cuirimid a gcuid smaointe agus eispéireas in iúl do dhaoine a dhéanann cinntí fúthu ansin.

Conas dul i gcomhairle le daoine óga

Spreagaimid gach eagraíocht a bhíonn bainteach le leanaí chun dul i gcomhairle le leanaí agus daoine óga.

Is féidir níos mó a léamh faoin gcur chuige a ghlacann an OOL maidir le rannpháirtíocht anseo.

Samplaí de chásanna inar labhraíomar le daoine óga

Tá glórtha leanaí agus daoine óga i gceartlár gach rud a dhéanann an OOL. Ó bunaíodh an oifig in 2004, labhraíomar le leanaí agus daoine óga faoi roinnt saincheisteanna an-tábhachtacha. Déanaimid iarracht ar leith éisteacht le leanaí nach n-éistear leo chomh minic sin.

Seo a leanas roinnt de na tionscadail ar oibríomar orthu.

Tionscadail reatha

Tionscadail roimhe seo