Skip to main content

Tá tú anseo:  

Cairt Chustaiméirí

Leagtar amach sa Chairt seo na caighdeáin a bhfuil de chuspóir againn a sholáthar do dhaoine a dhéanann teagmháil linn.

Tá Oifig an Ombudsman do Leanaí tiomanta chun seirbhís ard-chaighdeánach a sholáthar dár gcustaiméirí de réir Prionsabail Deá-riarachán um Ombudsman agus Seirbhísí Custaiméara den scoth faomhadh ag an Rialtas.

Ár Ról

Bunaíodh Oifig an Ombudsman do Leanaí I 2004 faoi reachtaíocht phríomha, an tAcht um Ombudsman do Leanaí 2002 (ref COGG). Tá mandáid reachtúil ag an OOL monatóireacht a dhéanamh ar cearta agus leasa leanaí suas le 18 mbliana d’aois atá cónaí ortha in Éirinn agus iad a chothú.  Tá neamhspleáchas reachtúil ag an Ombudsman do Leanaí i gcomhlíonadh na mandáide agus tá sé freagrach díreach don Oireachtas.

Is iad feidhmeanna an OOL nó ról traidisiúnta an Ombudsman cearta daoine ar leith nó grúpaí a chosaint, trí gearáin atá déanta i gcoinne eagraíochtaí poiblí a fhiosrú go neamhspleách agus go neamhchlaonta. Féadfaidh an OOL gearáin déanta le, nó ar son leanaí, i gcoinne gníomhaíochtaí eagraíochtaí poiblí, atá ag soláthar seirbhísí do, nó ag déanamh cinntí, faoi leanaí agus teaghlaigh, chomh maith le eagraíochtaí ag soláthar seirbhísí ar son an Stáit, a fhiosrú.

Tá mandáid ag an OOL le cearta agus leasa leanaí a chuir chun cinn faoi alt 7 Acht an Ombudsman do Leanaí.

Ár tiomantas

Cad is féidir leat a bheith ag súil leis on OOL:

  • Ta muid tiomanta seirbhís den scoth a sholáthar
  • Caithfidh muid go múinte agus go proifisiúnta leat
  • Caithfidh muid go maorga agus go measúil  leat

Teagmháil a dhéanamh ar an bhfón:

Má dhéanann tú teagmháil ar an bhfón

 

  • Gheobhaidh tú freagra uainn chomh luath agus is féidir;
  • Tabharfaidh muid ainm duit nuair a freagraíonn muid do ghlao
  • Freagraíodh muid do ghlór phost chomh luath agus is féidir
  • Beidh muid mín, proifisiúnta I gcónaí
  • Tabharfaidh muid freagra do do cheist.  Mura féidir í a fhreagairt láithreach, tógfaidh muid do shonraí agus cuirfidh muid glao ar ais duit chomh luath agus is féidir
  • Is féidir glao a chur orainn Luan go hAoine ar 01 865 6800 I rith uaireanta oifige.  Ma bhaineann sé le gearán nua nó gearán atá leanúnach, glaoigh an uimhir shaorghlao um Gearán ar 1800 20 20 40 idir 9.15am agus 4pm

Cumarsáid Scríofa:

Litreacha, facsanna agus ríomhphoist

  • Tabharfar ainm agus sonraí teagmhála leis an freagra
  • Tabharfar freagra chomh luath agus is féidir
  • Úsáidfear gnáthchaint, ní bhainfear úsáid as béarlagair nó téarmaí teicniúla, ach amháin más gá é.

Cuairteoirí chuig an oifig:

  • Má thugann tú cuairt dúinn
  • Caithfidh muid go mín agus go measúil leat
  • Má tá coinne agat buailfidh muid leat ag an t-am a bhí socraithe
  • Má bhuaileann tú isteach gan coinne, éascóidh muid cruinniú leat, más féidir
  • Cuirfidh muid áis chuí ar fail don chruinniú
  • Coinneoidh muid oifig phoiblí atá glan agus slachtmhar, de réir chaighdeáin sláinte agus sábháilteacht.

Seirbhísí trí mean na Gaeilge

  • Déanfaidh muid gach iarracht éascóidh le daoine ar mhaith leo teagmháil linn trí mean na Gaeilge.
  • Freagrófar comhfhreagras i nGaeilge trí Gaeilge
  • Foilseofar, ag an am céanna, príomhchaipéisí mar Ráitéis Straitéiseacha agus Tuarascáil Bhliantúil
  • Comhlíonfaidh muid ár tiomantas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Comhionannas / Éagsúlachta

  • Tá muid tiomanta seirbhís a chuir ar fail dár gcustaiméirí a seasann lena gcearta atá de réir reachtaíocht chomhionannais.
  • Beidh ár seirbhísí agus áiseanna  rochtana do chách ina measc daoine le riachtanais speisialta.

Gearán faoi ghníomhaíochtaí comhlachtaí poiblí a chuirtear ós comhair an fhoireann Gearán agus Imscrúdaithe:

Chomh maith leis an  tiomantas thuas luaite, má dhéanann tú gearán:

  • Rachaidh muid I dteagmháil leat taobh istigh de 3 lá oibre.
  • Scrúdóidh muid é chomh luath agus is féidir, ag cuimhneach gur féadfaidh go bhfuil fadhbanna casta ag baint le roinnt gearán
  • Tar éis imscrúdú a dhéanamh rachaidh muid I dteagmháil leat faoi aon dul chun cinn atá déanta I do chás;
  • Cuirfidh muid ar an eolas duit chomh luath agus is féidir faoi torthaí an imscrúdaithe.

Agus gearán a dhéanamh agat:

  • Luaigh do ghearán chomh soiléir agus chomh gonta agus is féidir.
  • Chuimsigh na príomhchaipeisí tacaíochta atá ag baint le do ghearán agus é a chuir isteach.
  • Caithfidh muid le nár n-úsáideoirí go proifisiúnta agus go measúil de réir chaighdeáin chúram custaiméirí.  Tá súil againn go gcaithfidh tú go measúil le nár bhfoireann sa dóigh céanna.  Míníonn an Polasaí um Gníomhartha Míréasúnta an dóigh a bhaineann muid le gníomhartha i gcoinne ár bhfoireann agus ár modh oibre.

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh an Fhoireann Gearán agus Imscrudaithe:

  • Mura bhfuil tú sásta le cinneadh an Oifig is féidir achomharc a dhéanamh.  Ta an polasaí maidir le achomharc in aghaidh cinnidh déanta don OOL leagtha síos I Foilseacháin /OOL polasaithe agus straitéisí OOL Polasaí Achomhairc agus Gnáis.

Mura bhfuil tú sásta leis ár seirbhís:

  • Mura bhfuil tú sásta le caighdeán na seirbhísí nó a soláthar, ba cheart duit aire an duine lena raibh tú ag teagmháil a tharraingt ar.
  • Mura bhfuil tú sásta leis an freagra a fhaigheann tú agus is mian leat gearán scríofa a dhéanamh, is féidir scríobh chuig an Stiúrthóir: Oifig an Ombudsman do Leanaí, 52-56 Sráid an Trá Mhór, Baile Átha Cliath 1. Le tuilleadh eolais ar an próiseas seo féach Gearáin faoin ár Sheirbhís.
  • Rachaidh muid i dteagmháil leat taobh istigh de 3 lá oibre, agus déanfaidh muid iarracht freagra iomlán a thabhairt duit taobh istigh de 10 lá oibre.

Comhairliúchán agus Aiseolas:

  • Tá muid tiomanta chun seirbhís den scoth a chuir ar fáil agus cuireann muid fáilte roimh tuairimí agus moltaí uait ar an chairt seo agus ar conas I féidir linn seirbhís níos fearr a chuir ar fail.
  • Más maith leat tuairimí no moltaí a thabhairt dúinn scríobh chuig an Stiúrthóir, le do thoil, nó sheol ríomhphost chuig oco@oco.ie agus cuir Aiseolas sa teidil.

Tuilleadh eolais:

Tá tuilleadh eolais maidir lenár seirbhísí, ár bpolasaithe, ár foilseacháin agus eolas teagmhála ar fail ar an suíomh seo.

Conas buaileadh linn:

Tá na sonraí teagmhála go léir le fáil ar an suíomh ghréasáin Contact us.