Skip to main content

You are here:  

An Chairt um Sheirbhís do Chustaiméirí 2024 – 2026

Leagtar amach leis an gCairt seo an caighdeán seirbhíse a bhfuil sé mar aidhm againn a chur ar fáil do dhaoine a dhéanann teagmháil linn.

Nollaig 2024

Cé muid féin

Is eagraíocht neamhspleách um chearta an duine í Oifig an Ombudsman do Leanaí (OCO) a bunaíodh in 2004 faoin Acht um Ombudsman do Leanaí, 2002. Is é an tUachtarán a cheapann an tOmbudsman do Leanaí agus tuairiscíonn sé nó sí go díreach don Oireachtas (Parlaimint na hÉireann). Is é an Dr Niall Muldoon an tOmbudsman do Leanaí.

Tá dhá phríomhfheidhm againn:

​Ár bhfís agus ár luachanna​

​Léiríonn Ár bhFís agus Ár Luachanna​ an méid atá muid ag iarraidh a bhaint amach do leanaí.

Úsáidfimid ár gcumhachtaí agus ár stádas neamhspleách chun áit a dhéanamh d’Éirinn ina gcloisfidh agus an tsochaí gach leanbh agus ina léireofar meas orthu agus ina dtacófar leo sa chaoi go mbeidh siad sábháilte agus lánsásta ina saol.

Cuspóir na Cairte seo

Leagtar amach leis an gCairt seo um Sheirbhís do Chustaiméirí an caighdeán seirbhíse ar féidir le custaiméirí a bheith ag súil leis ó Oifig an Ombudsman do Leanaí (OCO). Leagtar amach leis an gCairt na próisis agus na nósanna imeachta a leanaimid chun cabhrú linn seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a bhaint amach.

Ag teacht le dea-chleachtas mar atá leagtha amach i bhfoilseachán an Rialtais Tionscnamh agus Treoirlínte na Cairte Custaiméirí, táimid tiomanta do bheith ag obair i dtreo timthriall leanúnach ceithre chéim.

Is iad seo a leanas na ceithre chéim sin:

  1. Comhairliúchán le custaiméirí agus le páirtithe leasmhara eile
  2. Tiomantas do chaighdeáin seirbhíse
  3. Meastóireacht ar fheidhmíocht
  4. Tuairisciú ar thorthaí

Leagtar an méid seo a leanas amach lenár gCairt Custaiméirí:

A. The standard of service you can expect when you contact us
B. How your feedback can help us to improve our service
C. Our customer complaints procedure
D. How to contact us

Léigh ar aghaidh chun tuilleadh faisnéis a fháil faoi gach ceann acu seo

A: An caighdeán seirbhíse is féidir leat a bheith ag súil leis

Ár dtiomantas do sheirbhís do chustaiméirí

Geallann an OCO seirbhísí a chur ar fáil atá:

  • inrochtana;
  • ar ardchaighdeán; agus
  • dírithe ar do riachtanais a chomhlíonadh go tráthúil.

Déanaimid é seo trí na Prionsabail Threoracha maidir le Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí a leanúint.

Ár dtiomantas don inrochtaineacht

Déanfaimid éagsúlacht a urramú agus freastal uirthi agus cinnteoimid do cheart chun cóir chomhionann a oiread agus is féidir trí na nithe seo a leanas a chur ar fáil:

  • oifigí inrochtana;
  • spásanna agus acmhainní atá oiriúnach do leanaí;
  • seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta; agus
  • teanga chomharthaíochta

Cuirfimid faisnéis ar fáil i mBéarla soiléir chun a chinntiú go dtacaímid le daoine faoi mhíchumas agus go gcabhraímid leo de réir mar is gá. Tá Oifigeach Inrochtaineachta againn ar féidir leat teagmháil a dhéanamh leis i ndáil le haon iarratais nó ábhair imní maidir le hinrochtaineacht: oco@oco.ie

Cuairt a thabhairt ar an oifig

Má tá coinne agat inár n-oifig, buailfimid leat agus cuirfimid fáilte romhat ar bhealach tráthúil, cúirtéiseach agus cothrom. Déanfaimid cinnte:

  • go mbeidh ball foirne ar fáil chun bualadh leat
  • go mbeidh a fhios ag ár bhfoireann an áit san fhoirgneamh a mbeidh do chruinniú ar siúl, agus gur féidir le ball foirne tú a thabhairt ann; agus
  • go bhfuil an limistéar cruinnithe oiriúnach dá chuspóir.

An méid is féidir leat a bheith ag súil leis ó do chuairt 

  • Buailfimid leat ag am agus ar dháta a oireann duit
  • Caithfimid leat le cúirtéis agus cothroime agus déanfaimid tabharfaimid aird ar do phríobháideachas
  • Cuirfimid áiseanna oiriúnacha ar fáil do chruinnithe, lena n-áirítear ateangaire nuair is gá.

Is trí choinne amháin a thionóltar cruinnithe pearsanta faoi ghearáin leis an OCO 

Is trí choinne amháin a thionóltar cruinnithe faoi ghearáin leis an OCO inár nOifig.

Dá mba mhaith leat coinne a dhéanamh, ba cheart duit:

  • Glao a chur ar ár líne saorghlao 1800 20 20 40
  • Más leanbh nó duine óg thú, is féidir leat coinne a shocrú le teacht go hOifig an OCO nó is féidir linn taisteal chuig do theach nó cibé áit a bhfuil tú compordach inti.

Comhfhreagras i scríbhinn lena n-áirítear ríomhphost

Má scríobhann tú chugainn, déanfaimid an méid seo a leanas;

  • gach fiosrúchán ginearálta a admháil laistigh de 5 lá oibre;
  • ainm teagmhála agus sonraí a áireamh agus freagra á thabhairt; agus
  • iarracht a dhéanamh do cheist a fhreagairt go pras agus i gcomhréir le rialacháin.

Mura féidir linn do cheist a fhreagairt, míneoimid an fáth agus inseoimid duit an uair is féidir leat a bheith ag súil le freagra iomlán.

Teagmháil ghutháin

Má ghlaonn tú orainn, déanfaimid an méid seo a leanas;

  • do ghlao a fhreagairt nó freagra a thabhairt ar theachtaireacht ghutha a luaithe is féidir le linn uaireanta oibre;
  • ár n-ainm a thabhairt nuair a fhreagraímid glao;
  • a bheith cúirtéiseach agus gairmiúil i gcónaí;
  • do cheist a fhreagairt ar an láthair más féidir linn.

Mura féidir linn do cheist a fhreagairt, tógfaimid do shonraí agus glaofaimid ar ais ort a luaithe is féidir.

Ár seirbhís as Gaeilge

Maidir leis an nGaeilge, déanfaimid an méid seo a leanas:

  • gach iarracht a dhéanamh freastal orthu siúd ar mian leo déileáil linn trí Ghaeilge;
  • a chinntiú go ndéanfar comhfhreagras a fhaightear i nGaeilge a fhreagairt i nGaeilge;
  • príomhdhoiciméid, amhail ár ráitis straitéise agus ár dtuarascálacha bliantúla, a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla; agus
  • oibriú chun ár gceangaltais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chomhlíonadh.

B: An chaoi ar féidir le d’aiseolas cabhrú linn ár seirbhís a fheabhsú

Fáiltímid roimh aiseolas maidir le cáilíocht ár seirbhíse. Bainimid úsáid as d’aiseolas chun cabhrú linn ár seirbhís a fheabhsú, rud a chabhraíonn linn freastal ar do riachtanais.

Is féidir leat cur leis an bpróiseas seo tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • do thuairimí nó moltaí a sheoladh chugainn;
  • insint dúinn faoin tseirbhís a fuair tú, go háirithe má chreideann tú nár bhain sí an caighdeán a bhfuil súil agat leis amach; agus
  • páirt a ghlacadh in aon suirbhé custaiméirí a sheolaimid chugat agus trí do thuairimí a roinnt linn.

C: Ár nós imeachta maidir le gearáin ó chustaiméirí

Mura bhfuil tú sásta le cáilíocht ár Seirbhíse do Chustaiméirí, déan an t-ábhar a chur in iúl ar dtús don duine a bhfuil tú ag déileáil leis.

Foireann na Rannpháirtíochta agus an Oideachais maidir le Ceartaeducation@oco.ie
Foireann Beartaispolicy@oco.ie
Foireann Cumarsáidecommunications@oco.ie
Foireann na Seirbhísí Corparáideachaoco@oco.ie
Foireann na nGearán agus na nImscrúduithe1800 20 20 40

Déanfaidh an fhoireann a bhfuil baint acu leis an ngearán an méid seo a leanas:

  • a admháil laistigh de 5 lá oibre go bhfuarthas do ghearán;
  • an gearán a láimhseáil leis an mball foirne sinsearach ábhartha; agus
  • aghaidh a thabhairt ar do cheist agus teagmháil a dhéanamh leat laistigh de 15 lá oibre.

Gearán foirmiúil

Mura féidir an fhadhb seo a réiteach chun do shástachta, is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh lenár bhFoireann Seirbhísí Corparáideacha trí ríomhphost a sheoladh chuig oco@oco.ie.

Nuair a fhaigheann Foireann na Seirbhísí Corparáideacha an gearán déanfaidh siad an méid seo a leanas:

  • a admháil laistigh de 5 lá oibre go bhfuarthas do ghearán; agus
  • iarracht a dhéanamh déileáil leis laistigh de 20 lá oibre.

Má bhaineann an cheist leis an bhFoireann Seirbhísí Corparáideacha, is féidir leat do ghearán a sheoladh chuig communications@oco.ie.
Oibreoidh siad laistigh de na tréimhsí céanna thuas.

D: Conas teagmháil a dhéanamh leis an OCO

Postas:
Oifig an Ombudsman do Leanaí
Teach na Mílaoise
An Chéad Urlár
52-56 Sráid na Trá Mhór
Baile Átha Cliath 1
DO1 F5P8

Guthán: +353 1 865 6800
Bíonn na línte gutháin ar oscailt ó Luan go hAoine idir 9am agus 5pm.

Ríomhphost: oco@oco.ie
Ceisteanna as Gaeilge: oco@oco.ie

Specific enquiries
For complaints relating to a public service only, you can
fill out an online complaints form or
call the Complaints Freephone line on 1800 20 20 40.
Phone lines are open Monday to Friday between 10am to 1pm and 2pm to 4pm.

Ríomhphoist eile

Ceardlannaeducation@oco.ie
Ceisteanna ó na meáincommunications@oco.ie
Iarratais um Shaoráil Faisnéisepolicy@oco.ie
Fiosrúcháin agus iarratais faoi Chosaint Sonraíoco@xpertdpo.com
Fiosrúcháin faoi Inrochtaineachtoco@oco.ie

Tuilleadh faisnéise agus naisc úsáideacha

D’fhéadfadh an fhaisnéis agus na naisc seo a leanas a bheith úsáideach duit.